Tá eagarthóir na hirise míosúla Feasta Pádraig Mac Fhearghusa ag éirí as a chúram an mhí seo tar éis 23 bliain agus tiocfaidh Cormac Ó hAodha i gcomharbacht air ó mhí Eanáir.

Ina eagarfhocal do mhí na Nollag, dúirt Pádraig Mac Fhearghusa gur pribhléid dó "...i gcomhar le scríbhneoirí na hirise, mo ghníomh beag féin a dhéanamh ar mhaithe lenár dtraidisiún cianaosta liteartha a bhuanú."

Bhí Pádraig Mac Fhearghusa ina eagarthóir ar Feasta ó 1996. Dúirt Mac Fhearghusa go bhfuil irisí mar Feasta riachtanach chun deis chomhaimseartha fáis agus forbartha a sholáthar don Ghaeilge.

Pádraig Mac Fhearghusa, Eagarthóir Feasta ó 1996


"D’fhéadfainn go leor a rá faoin díomá a chuireann an easpa tacaíochta d’irisí mar Feasta orm mar scríbhneoir agus mar eagarthóir, ach bíodh tráth eile ann dá leithéid sin," a dúirt Mac Fhearghusa ina eagarfhocal.

Iris liteartha is ea Feasta a bhunaigh Conradh na Gaeilge tríd an chomhlacht foilsitheoireachta, Clуdhanna Teoranta sa bhliain 1948.  Iris neamhspleách í anois, ainneoin a nasc leis an Chonradh.

File, scríbhneoir, múinteoir, gníomhaí teanga agus iarUachtarán Chonradh na Gaeilge é Padraig Mac Fhearghusa.

I measc na leabhar atá foilsithe aige, tá Faoi Léigear, Mearcair, An Dara Bás agus Tóraíocht an Mhíshonais.

Cormac Ó hAodha - a bheidh ina Eagarthóir Feasta ó Eanáir 2020


Mhol Pádraig Mac Fhearghusa scileanna ríomhaireachta agus ardchaighdeán Gaeilge a chomharba, Cormac Ó hAodha, a bheas i bhfeighil na hirise ó mhí Eanáir.

Is í aidhm na hirise ná an ghearrscéalaíocht a chothú, ardán a chur ar fáil d’fhilí na Gaeilge, scríbhneoirí óga a aimsiú  agus iad a thabhairt i dtreo na scríbnhneoireachta Gaeilge.

Tá Art Ó Maolfabhail, Mícheál Ó Ruairc, Máire Ní Bhriain agus Séamus  Ó Máille i measc scríbhneoirí Feasta.

Eagarfhocal na míosa seo