Tá cosc ceithre bliana curtha ar an Rúis óna Cluichí Oilimpeacha agus ó Chraobhacha Domhanda i spóirt éagsúla mar gheall ar shonraí saotharlaine ar baineadh dóibh.

Chinn an Ghníomhaireacht Dhomhanda um Fhrithdhópáil cosc a chuir ar an Rúis i bhfianaise an méid a tharla.

Cuireadh fianaise bhréige faoi cheilt agus fuarthas réidh le cáipéisí a bhain le tastálacha dópála dearfacha.

"D'aonghuth a rinneadh an cinneadh," a dúirt urlabhraí thar ceann na Gníomhaireacht Domhanda um Fhrithdhópáil.

Fuarthas amach i dtaighde a rinne an Ghníomhaireacht in 2015 go raibh oll-dhópáil ar bun ag lúthchleasaithe de chuid na Rúise.

An mhí seo caite, dúirt Aire Spóirt na Rúise Pavel Kolobkov gur bhain an neamhréir sna sonraí saotharlainne le fadhbanna teicniúla.