skip to main content

Gradam Shéamuis Mhic Géidigh le bronnadh ar Chiarán Thompson

Gradam Shéamuis Mhic Géidigh le bronnadh ar Chiarán Thompson
Gradam Shéamuis Mhic Géidigh le bronnadh ar Chiarán Thompson

Fógraíodh inniu go mbronnfar Gradam Shéamuis Mhic Géidigh 2019 ar an bpeileadóir Ciarán Thompson.

Peileadóir idirchontae é Thompson agus is é an captaein é freisin ar Naomh Conaill.

As na Gleanntaí dó, agus tá sé i mbun staidéir faoi láthair ar chúrsa spóirt agus aclaíochta in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.

Bronntar Gradam Shéamuis Mhic Géidigh gach bliain ar imreoir na craoibhe i gCo.Dhún na nGall.

Cailleadh an craoltóir sin i 2016, fear a raibh aithne ar leith air as feabhas a chuid tráchtaireachta ar chluichí CLG.

Thionscain RTÉ Raidió na Gaeltachta an gradam seo ina onóir.

Is ag Dinnéar Bliantúil CLG Dhún na nGall Dé Sathairn seo chugainn a bhronnfar an gradam ar an imreoir.