Tá beirt ghialla, a bhí faoi choinneáil san Afganastáin ag mílisteoirí de chuid an Taliban, ligthe saor.

Breis is 3 bliana a bhí an Meiriceánach, Kevin King  agus an tAstrálach,Timothy Weeks á gcoinneáil thall ansin.

Fuadaíodh iad beirt i 2016 nuair a díríodh gunna orthu i Kabul, an chathair ina raibh siad beirt ag múineadh ann.

Scaoileadh saor inniu iad chuig fórsaí na Stát Aontaithe i ndeisceart na hAfganastáine mar chuid de bhabhtáil príosúnaithe, a haontaíodh le rialtas na hAfganastáine.

Shaoraigh an rialtas ansin triúr ceannairí sinsearacha leis an Taliban.

Tuairiscítear nach fada anois go mbeidh cainteanna réitigh ar bun idir an Taliban agus Rialtas na hAfganastáine.