I gCúirt Choiriúil Chuarda na Gaillimhe, gearradh téarma príosúin ceithre bliana - bliain de ar fionraí - ar fhear as as Cill Chiaráin i gConamara a bhí ag obair mar oifigeach leasa pobail faoi airgead a ghoid óna fhostóir.
Phléadáil Ciarán McDonagh, 60 bliain d'aois, ciontach i mí an Mhárta i mbliana i 26 cúis a bhain le gadaíocht ón Roinn Coimirce Sóisialaí idir na blianta 2009 agus 2012.
Bhí sé le cur ar a thriail i mí an Mhárta maidir le 110 cúis a bhain le breis agus €140,000 a ghoid, ach díreach sular thosaigh an cás phléadáil sé ciontach i 26 cúis samplacha.
€12,360 an tsuim airgid a bhí i gceist sna cúiseanna sin.
Sa gcúirt inniu, dúradh gur ghoid Ciarán McDonagh an t-airgead trí sheiceanna a scríobh in ainm fir eile.
I rith an tsamhraidh, gearradh téarma príosúin trí bliana ar fionraí ar an bhfear eile sin - Tim Gannon.
Dúirt abhcóide Chiaráin McDonagh go raibh sé d'acmhainn ag a chliant an t-airgead a ghoid sé a chúiteamh leis an Roinn Coimirce Sóisialaí.
Dúradh gur briseadh as a phost é nuair a phléadaíl sé ciontach agus go bhfuil sé ar scor anois.
Dúradh freisin nár ciontaíodh riamh roimhe seo in aon choir é agus go raibh an mhaith ar fad bainte as aon dea-ghníomhartha a rinne sé i measc an phobail de bharr an chiona.
D’iarr an t-abhcóide ar an mbreitheamh na cúinsí seo ar fad a ghlacadh san áireamh nuair a bheadh an phianbhreith á gearradh.
Dúirt an Breitheamh Rory McCabe gur chuir an ciontóir dallamullóg ar dhaoine, gur sháraigh sé iontaoibh an cháiníocóra agus gur caimiléireacht eagraithe a bhí ar bun aige.
Dúirt sé nár chuir sé iontas air gur tharraing an méid a tharla droch-cháil air sa bpobal.