Tá an t-aontachtach neamhspleách, Sylvia hermon le héirí as an pholaitíocht.

Tá an suíochán aici i nDún Theas le 18 bliain.

Ní bheidh sí ag seasamh in Olltoghchán Westminster an mhí seo chugainn.

'Guth aonarach láidir ag cosaint an mhóraimh sa Tuaisceart i gcoinne Brexit i Westminster'.

Sin mar a chuir Ceannaire an SDLP Colum Eastwood síos ar Sylvia Hermon.

Dúirt Leas Cheannaire Shinn Féin, Michelle O' Neill gur cairde atá iontu óna am le chéile i Westminster agus mhol meas agus macántacht Lady Hermon.

Dúirt an Taoiseach, Leo Varadkar gur polaiteoir ionraic agus cróga í Sylvia Hermon.

Dúirt Státrúnaí an Tuaiscirt Julian Smith go raibh a paisean don Tuaisceart do-chreidte.

Toghadh Sylvia Hermon ar dtús mar fheisire pairliminte do Dhún Thuaidh i 2001 mar aontachtach Uladh.

D'fhág sí an páirtí i 2010 nuair a rinne an páirtí socrú toghcháin leis an pháirtí Caomhach.