skip to main content

Pearsa mhór RTÉ agus na hÉireann Gay Byrne tar éis bháis

Gay Byrne
Gay Byrne

Tá pearsa mhór teilifíse agus raidió RTÉ Gay Byrne tar éis bháis. Bhí sé 85 bliain d'aois agus bhí sé tinn le tamall. Ina theach cónaithe i mBinn Éadair i mBaile Átha Cliath a bhásaigh sé. 

Bhí an-cháil ar Gay Byrne as an gclár teilifíse The Late Late Show a chur i láthair ar feadh beagnach dhá scór bliain agus bhíodh a chlár laethúil raidió féin aige freisin.

Ar feadh breis agus leathchéad bliain bhí a éadan le feiceáil agus a ghlór le cloisteáil i mórán gach teach sa tír.

Mac le hoifigeach in Arm na Breataine a throid sa Chéad Chogadh Mór agus máthair a bhí uaillmhianach dá clann a bhí ann.

Chaith sé tús a shaoil oibre i gcomhlachtaí árachais agus díolacháin.

Chuaigh sé leis na meáin chumarsáide i Sasana ansin agus chaith sé sealanna le Granada TV agus an BBC.

Bunaíodh RTÉ sa bhliain 1962 agus fágadh an clár mór teilifíse The Late Late Show faoi láithriú Gay Byrne.

B'iomaí pearsa iomráiteach cháiliúil a bhí faoi agallamh aige, cuid díóbh conspóideach -  léithéidí na bpolaiteoirí Pádraig Flynn agus Peter Brooke, chomh maith le Annie Murphy a labhair faoina caidreamh leis an Easpag Éamon Casey.

I dteannta na hoibre seo, chuireadh Gay Byrne mná tí na hÉireann faoi agallamh i gcomórtas bliantúil náisiúnta agus bhíodh iomaitheoirí Rós Thrá Lí os a chomhair ar feadh na mblianta chomh maith.

Ar raidió RTÉ, chuir sé a chlár rialta féin i láthair maidneacha na seachtaine ar feadh beagnach tríocha bliain.

Phós sé pearsa craoltóireachta eile, Kathleen Watkins, a sheas leis i gcónaí go dílis.

Lean Gay Byrne air ag craoladh tar éis dó éirí as a chúraimí go hoifigiúil. Chuir sé na cláir theilifíse Who Wants to be a Millionaire, The Meaning of Life agus Make 'em Laugh i láthair ar feadh scaithimh.

Níorbh aon údar grinn dó, áfach, an scéala i 1986 go raibh a chuntasóir agus a sheanchara Russell Murphy tar éis gaoth a thabhairt dá chuid airgid.

Buaileadh Gay Byrne sa phóca freisin blianta ina dhiaidh sin nuair a theip ar infheistíochtaí eile dá chuid.

Ghlac sé post mar chathaoirleach ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre in 2006, cúis a bhí gar dá chroí féin.

Dhiúltaigh sé a ainm a chur chun cinn i dtoghchán na hUachtaránachta in 2011. Déarfadh go leor go n-éireodh leis.