skip to main content

Sagart áitiúil an té a bhásaigh i gCinn Mhara aréir

Cé Chinn Mhara
Cé Chinn Mhara

Sagart áitúil an fear a maraíodh nuair a chuaigh a charr i bhfarraige ag Cé Chinn Mhara i gCo na Gaillimhe aréir. 

B'in é an tAthair Anthony Minniter a bhí ina shagart paróiste i gCinn Mhara agus i mBaile an Doirín nó gur éirigh sé as ceithre bliana ó shin. Tuigtear gur amach sna seachtóidí a bhí sé. 

Tharla an eachtra uair éigin idir 7.45 agus 8.15 aréir. D'éirigh leis na seirbhísí éigeandála an tAthair Minniter a thabhairt as an gcarr agus é a thabhairt chuig an ospidéal i nGaillimh, áit ar éag sé ar maidin.

Ní raibh aon duine eile sa charr..