Dúirt gníomhaí in Acaill go bhfuil daoine ansin an-díomách nach mbeidh imircigh ag teacht chun an oileáin agus ag cur fúthu in ionad soláthar díreach mar a bhí beartaithe. 

D'fhógair an Roinn Dlí agus Cirt inné nach rachfar chun cinn leis an bplean i bhfianaise na hagóide ina aghaidh atá ar bun le seachtain. 

Dúirt James McNamara, ball den grúpa a bhí ag cur fáilte roimh na teifigh, gur dream croíúil fáiltiúil iad muintir Acla agus gur daoine ón taobh amuigh a spreag an agóid. 

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt sé nach n-aontaíonn an grúpa leis an gcóras soláthar díreach ach mar sin féin gur cheart don dream atá i mbun agóide cuimhneamh cé chomh géar agus a theastaíonn an lóistín seo ó na teifigh.

Bhí sé i gceist lóistín sealadach a chur ar fáil in Óstán Cheann Acla ar an gCaol do thrí bhean deag ón iasacht atá ag lorg tearmainn chosanta sa tír seo.

Tá an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan ag achainí ar na léirsitheoirí in Acaill eirí as an agóid atá fós ar bun acu ag suíomh an óstáin tráthnóna. Chuir sé ina leith gur "léigear" atá ar bun acu. 

D'iarr an tAire Stáit David Stanton ar ionadaithe pobail teacht le chéile agus cabhrú le daoine atá ag lorg cabhrach.