skip to main content

Plean lóistín a chur ar fáil do theifigh in Acaill curtha ar ceal

Plean lóistín a chur ar fáil do theifigh in Acaill curtha ar ceal
Plean lóistín a chur ar fáil do theifigh in Acaill curtha ar ceal

Tá sé fógartha ag an Roinn Dlí agus Cirt nach rachfar chun cinn leis an bplean ionad soláthar díreach d'inimircigh a lonnú in Acaill, Co Mhaigh Eo, i bhfianaise na hagóide in aghaidh an phlean atá ar bun ag an suíomh le seachtain. 

Bhí sé i gceist lóistín sealadach a chur ar fáil in Óstán Cheann Acla ar an gCaol do thrí bhean deag ón iasacht atá ag lorg tearmainn chosanta sa tír seo.

Dúradh go raibh sé i gceist go bhfanfadh na mná ann ar feadh trí mhí ar a mhéid. 

I ráiteas tráthnóna, dúirt an Roinn Dlí agus Cirt nach rachadh sé le leas na mban iad a lonnú san óstán mar go bhféadfaidís a bheith soghonta ann agus iad ag fanacht le scéala faoina n-iarratas ar thearmann. 

Dúradh go raibh oifigigh na Roinne ag labhairt le hionadaithe pobail in Acaill ón tseachtain seo caite agus gur bhuail siad le cuid acu aréir leis an scéal a phlé. 

Dúradh go raibh díomá ar an Roinn faoin agóid ach go ndéanfar tuilleadh iarrachtaí san am atá le teacht an scéal a réiteach.