skip to main content

Coiste cróinéara faoi bhás mná ar séideadh a carbhán d'aill

Láthair na tubaiste anuraidh
Láthair na tubaiste anuraidh

Ag coiste cróinéara i nGaillimh, tugadh le fios gur gortú trámach sa cheann ba chionsiocair le bás mná nuair a séideadh a carabhán d'aill agus amach san fharraige i dtuaisceart Chonamara i mí Mheán Fómhair anuraidh.

Bhí Elvira Ferrari - altra as an Eilvéis - ar laethanta saoire sa Chladach Dubh gar don Chlochán ag an am agus rún aici ceithre lá a chaitheamh sa cheantar. 

Cé go raibh stoirm mhór geallta agus foláireamh tugtha ag úinéirí an tsuímh carabhán, bhí na siotaí gaoithe sa taobh sin tíre i bhfad níos láidre ná a tuaradh. 

Mhol an cróinéir an Dr Ciarán McLoughlin na hiarrachtaí tarrthála rinneadh agus rinne sé comhbhrón le mac na mná a bhí sa chúirt inniu.