skip to main content

Ardú eile fós ar líon daoine i lóistín éigeandála

Tháinig ardú don tríú mí as a chéile i mí Mheán Fómhair ar an líon daoine a bhí ag fanacht i lóistín éigeandála agus bhí ardú freisin ar líon na bpáistí a bhí ina measc.

Léiríonn na figiúirí is deireanaí ón Roinn Tithíochta gur bhain beagnach 10,400 duine leas as lóistín éigeandála i gcaitheamh na seachtaine a thosaigh ar 23 Meán Fómhair.

B'in 61 duine ní ba mhó ná mar a bhí i gceist i mí Lúnasa.

Os cionn 3,870 gasúr a bhí i gceist - 25 ní ba mhó ná mar a bhí ann i mí Lúnasa.

Tháinig ardú freisin ó Lúnasa go Meán Fómhair ar an méid teaghlach ar theastaigh lóistín éigeandála uathu.