Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, gearradh téarma príosúin trí bliana - dhá cheann ar fionraí - ar mhúinteoir 25 bliain d'aois faoi chaidreamh collaí a bheith aici anuraidh le buachaill sé bliana déag ar dhuine dá cuid daltaí é.
Dúirt an Breitheamh Martin Nolan go raibh an bhean místuama, gur bhain sí mí-úsáid as an iontaoibh a bhí curtha inti agus go raibh an méid a rinne sí mí-eiticiúil.
Dúirt an breitheamh freisin cé nach dóigh go ndéanfadh sí coir mar sin arís go raibh téarma príosúnachta riachtanach sa chás seo.
Múinteoir ionaid Béarla i scoil dara leibhéal a bhí sa bhean agus bhí an buachaill sa chúigiú bliain ag an am.
Dhá eachtra chollaí a bhí i gceist agus i ráiteas a rinne an buachaill faoin gcaoi ar ghoill siad air, dúirt sé go bhfuil fadhbanna síceolaíochta agus imní ag cur as dó ó shin.
Dúirt an bhean gur cheap sí gur ag sé bliana déag atá buachaillí in inmhe caidrimh chollaí de réir an dlí.
Glacann sí leis anois go raibh éagóir déanta aici ar an mbuachaill agus dúirt sí go raibh fíoraiféala uirthi faoin méid a rinne sí.
Tá a cuid dintiúr proifisiúnta mar mhúinteoir bainte den bhean.