skip to main content

"Faoin gcumann áitiúil atá sé cinniúint Maria Bailey a shocrú"

Maria Bailey TD
Maria Bailey TD

Tá sé ráite ag an Taoiseach agus ag ceathrar Airí Rialtais gur faoi bhaill d'Fhine Gael i nDún Laoghaire atá sé a shocrú ar chóir don Teachta Dála Maria Bailey a bheith ina hiarrthóir arís sa chéad olltoghchán eile.

Tiocfaidh baill de chumann áitiúil Fhine Gael le chéile in óstán i nDún Laoghaire anocht le vóta a chaitheamh maidir le hiarrthóirí don olltoghchán.

Tá Maria Bailey roghnaithe cheana féin ach is féidir a hainmniúchán a chur ar ceal má vótáileann na baill ina fhabhar sin.

Tarraingíodh conspóid i gcaitheamh an tsamhraidh nuair a tháinig sé chun solais gur thug Maria Bailey cás díobhála pearsanta in aghaidh óstáin i mBaile Átha Cliath tar éis di titim de luascán ann.

Thug an Taoiseach ísliú céime do Maria Bailey i bhfianaise an fhiosrúcháin a rinne Fine Gael faoin gcás. Bhris sé as a post í mar chathaoirleach ar an gComhchoiste Oireachtais um Thithíocht.

Dúirt Leo Varadkar go raibh neamhréireachtaí sa chuntas a thug Maria Bailey dó féin agus do na meáin chumarsáide faoin ngortú a bhain di. Dúirt sé freisin gur léir dó go raibh roinnt iomrall breithiúnais déanta aici. 

Dúirt Maria Bailey nach ndearna sí aon iarracht an dallamullóg a chur ar dhaoine.