Tá fear os cionn tríocha bliain d'aois a gabhadh inné mar chuid den fhiosrúchán faoin tine a rinne damáiste mór do stáisiún Gardaí Scairbh na gCaorach i gCo Mhuineacháin go moch ar maidin Dé Luain seo caite fós á cheistiú ag na Gardaí i Leitir Ceanainn.
Chuardaigh na Gardaí áiteanna i Scairbh na gCaorach féin agus i nDún na nGall tráthnóna inné freisin mar chuid dá bhfiosrúchán.
Tógadh an fear i nDún na nGall ar amhras go ndearna sé dó mailíseach.
Bhí stáisiún Gardaí Scairbh na gCaorach dúnta nuair a lasadh é agus níor gortaíodh aon duine de bharr an ionsaithe.