skip to main content

Líon othar ag fanacht le leaba fíorard an mhí seo

11,452 othar thíos leis de bharr an iomarca daoine a bheith sna hospidéil an mhí seo
11,452 othar thíos leis de bharr an iomarca daoine a bheith sna hospidéil an mhí seo

Deir Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann go raibh 11,452 othar thíos leis de bharr an iomarca daoine a bheith in ospidéil na tíre i gcaitheamh na míosa seo - an figiúr ab airde riamh do mhí Dheireadh Fómhair.

Ba iad na hospidéil ba mheasa i rith na míosa seo Ospidéal Ollscoile Luimnigh, áit a raibh 1,450 othar ag fanacht le leaba a fháil, Ospidéal Ollscoile Chorcaí, áit a raibh 1,028 othar agus Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe, áit a raibh 885 othar ag fanacht.

Deir an Cumann go bhfuil figiúr na míosa seo ar an dara ceann is airde fós ó thosaigh siad ag coinneáil cuntais ar na figiúirí sa bhliain 2006.

I mí Eanáir na bliana 2018 a bhí an figiúr ab airde riamh. 2,395 othar ar fad a bhí ag fanacht in ospidéil na tíre nó go bhfaighfí leaba dóibh an uair sin.

Deir an Cumann go bhfuil othair i gcontúirt mhór de bharr easpa foirne sna hospidéil. 

De réir a gcuid figiúirí, tá 1,300 folúntas d'altraí agus do mhná cabhrach gan líonadh de bhrí go bhfuil cosc earcaíochta curtha i bhfeidhm ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Do mhná cabhrach atá 284 de na folúntais sin. Is ionann sin agus post amháin as gach sé cinn a bheith folamh, a deir siad.

Deir an Cumann go bhfuil baint dhíreach ag easpa foirne le ráta ard báis agus leis na tréimhsí níos faide atá othair a chaitheamh san ospidéal.