Tá sé faighte amach ag aonad iriseoireachta iniúchta RTÉ go gcuireann roinnt Teachtaí Dála ar an taifead é go rialta go bhfuil siad i dTeach Laighean ionas gur féidir leo costais a éileamh ar laethanta nach gcaitheann siad aon vóta sa Dáil.
Tá an t-eolas seo i bhfiosrúchán a rinne an t-aonad iniúchta agus a bhaineann leis an achar ama ó Mhárta na bliana 2016 go dtí mí Iúil na bliana seo.
Caithfidh Teachtaí Dála - seachas Airí Rialtais agus an Taoiseach - síniú leictreonach a dhéanamh le costais a fháil faoin scéim liúntais atá ann do chúrsaí taistil agus lóistín.
Léiríonn an fhaisnéis nár chaith cuid de na Teachtaí a vóta ar bheagnach 50% d'ócáidí, cé go raibh a n-ainm sínithe go leictreonach acu ag tabhairt le fios go raibh siad i dTeach Laighean.
Is iad na Teachtaí Dála Neamhspleácha Michael Healy-Rae, Danny Healy-Rae agus Noel Grealish, chomh maith leis an iar-Thaoiseach Enda Kenny, ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin agus a chomhghleacaí Willie O'Dea, na daoine is mó nár chaith vóta ar laethanta a tugadh le fios go raibh siad i láthair.
Níor éiligh beirt Theachtaí Dála aon chostais faoin scéim seo de réir na bhfigiúirí. Sin iad Jim O'Callaghan ó Fhianna Fáil agus Eoin Ó Broin ó Shinn Féin.
Dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí Regina Doherty cé nach bhfuil anailís RTÉ feicthe aici gur thuig sí go maith ón am a chaith sí ina Príomh-Aoire gur cuid thábhachtach den phróiseas reachtaíochta an comhoibriú idir na páirtithe ar fad faoin gcaoi a gcaitear vótaí.
Dúirt sí go bhfágann an comhoibriú seo nach gcaitheann Teachtaí Dála an fhreasúra vóta ar cheist má bhíonn Airí Rialtais as láthair i mbun a gcuid oibre.
Dúirt Regina Doherty ina dhiaidh sin féin go dteastaíonn athbhreithniú ar chóras vótála na Dála ina iomláine.