skip to main content

Tuilleadh deiseanna fostaíochta do Ghaeilgeoirí san AE

Aislínn MacCrory
Aislínn MacCrory

Bhí seimineár faoi na deiseanna fostaíochta do dhaoine le Gaeilge san Aontas Eorpach ar bun in Óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath ar maidin mar chuid d'imeachtaí Oireachtas na Samhna 2019 a seoladh go hoifgiúil tráthnóna.

Dúirt Aislínn MacCrory, ionadaí ón gCoimisiún Eorpach a bhí i láthair ag an seimineár, go bhfuil deiseanna fostaíochta ar fáil san Aontas Eorpach d’aistritheoirí, d'ateangairí, do chúntoirí teanga agus do dhlíodóirí teanga faoi láthair.

Chomh maith leis na tuarastail mhaithe atá ar fáil d’aistritheoirí, deis atá ann dóibh dul ag obair i gcathracha ilchultúrtha ar nós na Bruiséile agus Lucsamburg, a dúirt sí.

Cuireadh eolas ar fáil ag an seimineár faoin bpróiseas earcaíochta agus cuireadh comhairle ar dhaoine faoin mbealach is fearr le tabhairt faoi. Caithfidh ardchaighdeán Gaeilge a bheith ag iarrthóirí. 

Stiúrthóir an Oireachtais Liam Ó Maolaodha ag an seoladh tráthnóna

Agus na himeachtaí á seoladh aige, thug Aire Stáit na Gaeilge agus na Gaeltachta Seán Kyne le fios gurb iontach an rud é na healaíona Gaeilge a bheith faoi bhláth agus gur dea-theist ar an teanga an méid sin. 

Beidh os cionn 150 imeacht ar súil le linn na féile - comórtais cheoil, damhsa agus amhránaíochta ina measc. 

Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ar Dharach Ó Scolaí ón gcomhlacht foilsitheoireachta Leabhar Breac as an leabhar An Tromdhámh leis an údar Feargal Ó Béarra.

Insint úr ar an aoirscéal Tromdhámh Guaire a scríobhadh ó pheann anaithnid sa cheathrú haois déag atá sa leabhar.

Bronnadh duais eile ar Dharach Ó Scolaí as an úrscéal finnscéalaíochta ginearálta is fearr a scríobh. Tá an t-úrscéal Dominium le foilsiú go luath. 

Darach Ó Scolaí, Leabhar Breac

Bronnfar Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ar na buaiteoirí anocht.