Cuirfear an reachtaíocht maidir le holltoghchán a cheadú sa Bhreatain i mí na Nollag faoi bhráid Theach na dTiarnaí i Westminster trathnóna inniu. 

Glactar leis go rithfear an reachtaíocht agus dá réir go mbeidh pobal na Breataine ag caitheamh a vótaí sé seachtaine ón lá amárach, Déardaoin 12 Nollaig.

Tá sé ráite go minic ag an bPríomh-Aire Boris Johnson gur trí bhíthin olltoghcháin a fhuasclófar an tsáinn ina bhfuil cúrsai maidir le himeacht na Breataine as an Aontas Eorpach.

Sa Tuaisceart, tá fáilte curtha ag na páirtithe polaitíochta ar fad roimh an bhfógra olltoghcháin.

Dúirt ceannaire an DUP Arlene Foster go dtroidfeadh a páirtí feachtas go bhfanfadh an Tuaisceart taobh istigh den Ríocht Aontaithe, agus dúirt Sinn Féin go dtabharfidh an toghchán deis don phobal diúltú do dhealú na Breataine ón Aontas. 

Ag an gcruinniú Rialtais ar maidin, tuigtear go gcuirfidh an Tánaiste Simon Coveney fainic ar a chuid comhghleacaithe nach féidir dealú gan aon chomhaontú a chur as an áireamh ag deireadh mhí Eanáir, bíodh olltoghchán sa Bhreatain nó ná bíodh.