skip to main content

Táillí le gearradh as carranna leictreacha a luchtú

Costas le gearradh ar charranna leictreacha a luchtú
Costas le gearradh ar charranna leictreacha a luchtú

Den chéad uair, tá Bord Soláthair an Leictreachais le táillí a ghearradh ar dhaoine a bheas ag luchtú carranna leictreacha in áiteanna poiblí. Tiocfaidh na táillí i bhfeidhm i gceann ceithre seachtaine. 

12,000 carr leictreach atá ar bhóithre na tíre faoi láthair. Tá na carranna seo níos ciúine agus níos fearr don chomhshaol ná carranna díosail nó peitril, ach tá siad níos lú agus dhá oiread níos daoire ná an gnáthcharr.

Is féidir na carranna seo a luchtú sa bhaile le gléas speisialta luchtaithe, ag gnáthphointe luchtaithe ar thaobh sráide a ghlacann idir ceithre agus sé huaire an chloig nó ag pointe ardluais i staisiúin pheitril  nach nglacann ach leathuair an chloig. 

1,000 pointe luchtaithe atá sa tír faoi láthair.

Is saoire i bhfad carranna a luchtú sa bhaile ná aon áit eile - 10 cent in aghaidh na huaire i gcaitheamh na hoíche.

Ach 33 cent in aghaidh na huaire a bheas ann má íocann daoine de réir mar a úsáideann siad an tseirbhís. 

Beidh sé beagáinín níos saoire ná sin - 29 cent - má íocann daoine síntiús €5 sa mhí le Bord Soláthair an Leictreachais. 

Ní scéal saor ó chonspóid é seo, áfach. Ceallraí déanta as litiam atá i gcarranna leictreacha agus tá ceisteanna ann faoin gcostas agus faoi dochar a dhéanann mianadóireacht litiam don aeráid.   

Mianadóireacht litiam sa Phortaingéil

Ina dhiaidh sin féin, tá carranna leictreacha 70% níos saoire ó thaobh breosla de ná carranna peitril agus díosail, de réir Bhord Soláthair an Leictreachais.

De réir suirbhé a rinne Cumann Gluaisteán na hÉireann le gairid, beidh súil ag duine as gach deichniúr ar charr leictreach agus iad ag ceannacht a gcéad charr eile. 

Deir an Comhairleoir Peadar Ó Caomhánaigh ó Chomhaontas Glas go gcaithfidh an Rialtas roghanna taistil eile a chur ar fáil chomh maith le líon na bpointí luchtála do charranna leictreacha a mhéadú:

''Cinnte tá carranna leictreacha níos fearr don chomhshaol seachas carr peitril nó díosail, ach tá lorg carbóin acu mar sin féin.

Tá ceisteanna eiticiúla agus eolaíochta ag baint le mianadóireacht litiam, Seachas diriú ar líon na gcarranna leictreacha a ardú, ba chóir breathnú ar roghanna eile a thabhairt do dhaoine.

Ar deireadh thiar, is beag difir a dhéanfadh carr leictreach do chaighdeán maireachtála an duine, más sáite sa trácht i gcarr leictreach seachas díosail atá siad.''

Deir an Comhairleoir Neamhspleách Eoin Ó Broin, a bhfuil carr leictreach aige féin, go bhfaigheann sé 200 ciliméadar ar an meán as ceallra luchtaithe: 

"Déanaim mo charr a luchtú sa mbaile den chuid is mó. Bíonn drogall orm úsáid rómhór a bhaint as pointí luchtaithe ardluais.

Cothaíonnn an luchtú ardluais níos mó teasa sa cheallra agus cuireann sin isteach ar fhad saoil an cheallra. Moltar gan na pointí luchtála seo a úsáid ach ó am go chéile."