Tá na Gardaí i nGaillimh ag fiosrú gearáin maidir le bean 74 bliain d'aois a bhásaigh in Ospidéal na hOllscoile sa chathair sé lá tar éis d'othar eile - a líomhnaítear - í a ionsaí agus í ar thralaí sa Rannóg Timpistí agus Éigeandála.

Deir gaolta na mná gur tharraing othar eile dá tralaí í i lár na hoíche, gur briseadh a corróg agus nár cuireadh cóir leighis uirthi in am. 

I ndeireadh na míosa seo chuaigh thart, aistríodh an bhean as otharlann Pháirc Mhuirlinne i nGaillimh chuig Rannóg Timpistí agus Éigeandála Ospidéal na hOllscoile le cóir leighis a fháil d'ionfhabhtú a bhí tolgtha aici.

Chaith sí 72 uair an chloig sa rannóg éigeandála - 48 uair díobh ar thralaí sa phasáiste. Tuigtear gur ann a bhí sí nuair a mhaítear go ndearna othar eile sa rannóg ionsaí uirthi go luath ar maidin agus tharraing anuas dá tralaí í.

Tuigtear gur briseadh a corróg nuair a thit sí anuas dá trálaí ar an urlár. Cuireadh obráid ar a corróg ach fuair sí bás sé lá níos déanaí.

Tá teagmháil déanta ag muintir na mná leis an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly.

Dúirt sise gur scannal é go raibh othar 74 bliain d’aois ar thralaí ar feadh achair chomh fada sin, ach chomh maith leis sin "nach raibh na ceamaraí slándála sa rannóg éigeandála ag feidhmiú agus nach raibh dóthain foirne sa ann." 

Dúirt iníon na mná le Nuacht RTE/TG4 gur mian leis an teaghlach a fháil amach cén fáth gur ligeadh don othar eile a bheith chomh cóngarach sin dá máthair agus cad chuige nach raibh duine ar bith á cosaint air.

Tá ceisteanna acu chomh maith faoin chóir leighis a tugadh dí i ndiaidh an ionsaithe.

Tá bás na mná curtha in iúl do Chróinéir na Gaillimhe. Dúirt urlabhraí ar son an ghrúpa otharlann Saolta go bhfuil siad ag fiosrú gearáin a rinneadh leo.

Dúirt an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte le Nuacht RTÉ/TG4 go bhfuil siad ar an eolas faoi bhás na mná agus go bhfuil siad i dteagmháil le bainistíocht na hotharlainne. 

Dúirt preasoifig na nGardaí go bhfuil siad ag fiosrú na gcúinsí uile a bhaineann le "bás tobann" na mná.