skip to main content

Bréagnuacht, síbín óipiam, lón sa Teach Bán - de hÍde i Meiriceá

Eagrán nua dátheangach de Mo Thuras go Meiriceá
Eagrán nua dátheangach de Mo Thuras go Meiriceá

Nuacht bhréagach, cuairt ar shíbín óipiam agus lón leis an Uachtarán Roosevelt cuid d'eachtraí Dhubhghlais de hÍde nuair a thug sé cuairt ar na Stáit Aontaithe ag tús an chéid seo caite. 

Tá cuntas ar na heachtraí sin in eagrán nua dátheangach dá leabhar Mo Thuras go Meiriceá a seoladh i gConsalacht na hÉireann i San Francisco aréir.

Cuntas pearsanta ar an seal a chaith an tÍdeach sna Stáit Aontaithe idir na blianta 1905-06 atá sa leabhar agus a foilsíodh den chéad uair i 1937, bliain sular ceapadh ina chéad Uachtarán na hÉireann é. 

Thug an tÍdeach cuairt ar 117 baile agus cathair agus é ag tiomsú airgid ar son Chonradh na Gaeilge idir Samhain 1905 agus Meitheamh 1906. Bhí sé ina Uachtarán ar an gConradh ó bunaíodh é in 1893 go dtí an bhliain 1915.

Os cionn $50,000 a bhailigh sé - arbh fhiú suas le £15,000 ag an am agus na milliúin euro inniu agus ar leor é le ciste na heagraíochta a líonadh ar feadh trí bliana, a dúradh. 

Chuir sé an leabhar i dtoll a chéile de réir na nótaí dialainne a ghlac sé le linn an turais, cuid acu ar chártaí poist a cheannaigh sé thall. 

Cárta póist ar scríobh an tÍdeach air (Leabharlanna na hIarmhí: Cnuasach Aidan Heavey)

Fuair sé blaiseadh den rud a dtugtar nuacht bhréagach anois air nuair a labhair sé le hiriseoir tar éis dó dul i dtír i Nua-Eabhrac i mí na Samhna 1905: 

"Caithfidh an 'tuairisceoir' Meiriceánach rud éigin a rá, agus ní ghoilleann sé air, ar uaire, an rud sin a cheapadh dó féin. Bhí ionadh orm an lá arna mhárach nuair a léigh mé go raibh 'croiméal' beag orm agus go raibh ceangal glasuaithne faoi mo bhráid. Ar ndóigh, ní raibh aon rud glas ná uaithne orm. Bhí éadaí dubha orm ... ach dúirt fear an pháipéir gur bottle green a bhí mé a chaitheamh."

Ina dhiaidh sin, ba gheall le cuairt Stáit a bhí i gcodanna den turas, go háirithe an dá lón phríobháideacha a chaith sé sa Teach Bán le hUachtarán Mheiriceá Theodore Roosevelt. 

(Leabharlanna na hIarmhí: Cnuasach Aidan Heavey)

Reáchtáileadh dinnéar mór ina onóir i San Francisco i mí Feabhra 1906 a raibh maithe móra na cathrach i láthair ann.

Bhí Gobharnóir California George Pardee agus Méara San Francisco Eugene Schmitz - ar Bhaile Átha Cliathach í a mháthair - i measc na n-aíonna. 

Léirigh ócáidí taibhseacha mar seo an tábhacht chultúrtha agus pholaitiúil a bhain leis an "Éireannachas" i Meiriceá ag an am.

Agus é i San Francisco, thug Dubhghlas de hÍde cuairt ar cheantar na Síneach in éineacht le bleachtaire:

"I gceann de na poill a gcaitear óipiam iontu chonaiceamar sean-Síneach sínte siar ar dhrochleaba a bhí déanta de chúpla clár. Bhí cat ina luí ar a ucht, agus an fear ag séideadh gal an óipiam faoi shrón an chait, chun a chur ina chodladh. Dúirt sé nach dtugadh an cat síocháin ná suaimhneas dó go gcuirfeadh sé ina chodladh leis an óipiam é." 

Bhí slán fágtha ag an Ídeach le San Francisco faoin am ar bhuail crith talún ollmhór an chathair i mí Aibreáin 1906. Ghoill an tubaiste go mór air agus chuir sé an $5,000 a bhailigh sé i San Francisco ar ais chuig an gcathair le cúidiú leis an bpobal ann. 

(Pic: Getty)

(Leabharlanna na hIarmhí: Cnuasach Aidan Heavey)

San eagrán nua de Mo Thuras go Meiriceá, atá foilsithe ag UCD Press, bheartaigh na heagarthóirí caighdeánú a dhéanamh ar an téacs Gaeilge, é a aistriú go Béarla agus fonótaí cuimsitheacha agus réamhrá acadúil a chur leis.  

Is iad Liam Mac Mathúna, Brian Ó Conchubhair, Niall Comer, Cuan Ó Seireadáin agus Máire Nic an Bhaird eagarthóirí an leabhair. 

Tá an brollach scríofa ag an Uachtarán Micheal D Higgins ina dtuairimíonn sé baint a bheith ag an easpa airde ar Dhubhghlas de hÍde ar na saolta seo leis an easpa suime sna tograí móra a bhí aige. 

 

Cuan Ó Seireadáin agus Brian Ó Conchubhair ag seoladh an leabhair i San Francisco aréir

Deir eagarthóirí an leabhair go raibh Conradh na Gaeilge in ann múinteoirí agus timirí Gaeilge a earcú agus a oiliúint, agus fís na heagraíochta a chraobhscaoileadh leis an airgead a bhailigh de hÍde i Meiriceá.

Deir siad gur chothaigh an t-airgead sin an réabhlóid náisiúnta sna blianta cinniúnacha ag tús an chéid seo caite ar eascair stát neamhspleách as ar deireadh. 

Go deimhin, réitigh turas an Ídigh an bealach do thuras Éamoin de Valera ar Mheiriceá i mí an Mheithimh 1919 agus aitheantas idirnáisiúnta á lorg aige do Phoblacht na hÉireann a bhí fógartha díreach sé mhí roimhe sin ag an gCéad Dáil Éireann.