skip to main content

Poist nua le tairiscint do 200 oibrí i mBord na Móna

Poist nua le tairiscint do 200 oibrí i mBord na Móna
Poist nua le tairiscint do 200 oibrí i mBord na Móna

Tá sé fógartha ag Bord na Móna go dtabharfar deis do 200 oibrí tabhairt faoi phoist nua sa chomhlacht agus go gcruthófar 150 post tógála go neamhdhíreach mar chuid dá bplean éirí as baint móna.

D'aontaigh bord an chomhlachta inniu tabhairt faoi chlár le portaigh i lár tíre a athshlánú. 

Tá Bord na Móna le breis fostaíochta a chur ar fáil chomh maith in athchúrsáil dramhaíola agus i dtograí glasa. 

Deir siad go bhfuil sprioc acu 80% dá gcuid táirgiúlachta a dhéanamh feasta le foinsí fuinnimh in-athnuaite.

Cuirfear scéim dheonach iomarcaíochta ar fáil do na hoibrithe freisin.  Meastar go bhféadfadh idir 150 agus 180 duine cur isteach ar an scéim iomarcaíochta.

Ag dhá chruinniú éagsúla san Fhéar Bán i gCo Uíbh Fhailí agus i mBéal Átha Liag i gCo an Longfoirt tráthnóna, cuireadh ionadaithe ceardchumainn agus oibrithe Bhord na Móna ar an eolas faoi phleananna na bainistíochta. 

Mhaígh príomhfheidhmeannach Bhord na Móna Tom Donnellan gur gnólachtaí glasa, ísealcharbóin agus inmharthanacha a chothós 80% de phoist agus de theacht isteach an chomhlachta faoin bhliain 2025.

D'fhógair an comhlacht freisin go bhfuil socrú déanta acu le Bord Soláthair an Leictreachais maidir leis an dá stáisiún ginte leictreachais i lár tíre a dhónn móin -  i nDroichead na Sionainne agus i mBéal Átha Liag.

Beidh an dá stáisiún seo i mbun oibre go deireadh na bliana seo chugainn. Bhí imní ann roimhe seo go mbeadh ar an dá mhonarcha druidim ag deireadh na bliana seo nuair a thiocfas deireadh le fóirdheontais Stáit don tionscal dóite móna.