skip to main content

Lámhscríbhinní Shéamuis Uí Ghrianna le cur ar fáil

Cuid de scríbhinní neamhfhoilsithe Shéamuis Uí Ghrianna
Cuid de scríbhinní neamhfhoilsithe Shéamuis Uí Ghrianna

Bronnadh cnuasach lámhscríbhínní leis an údar cáiliúil Séamus Ó Grianna - cuid acu nár foilsíodh riamh - ar Áislann Rann na Feirste i nGaeltacht Dhún na nGall ar na mallaibh. Cailleadh Séamus Ó Grianna ("Máire") leathchéad bliain ó shin go ham seo.  

An dá úrscéal Mo Dhá Róisín (1921) agus Caisleán Óir (1924), agus an cnuasach gearrscéalta Cith is Dealán (1927) na leabhair is mó dá chuid a mbíonn trácht orthu.

Bhí Caisleán Óir agus Cith is Dealán ar shiollabas na hArdteistiméireachta ar feadh na mblianta.

Tá níos mó ná 500 leathanach sa chnuasach - idir scríbhneoireacht i nGaeilge agus i mBéarla.

Bhí na lámhscríbhinní coinnithe i mála Guineys!

I measc na lámhscríbhinní nár cuireadh i gcló riamh, tá scéal na "Invincibles" mar príomhábhar ann. Ba iad na Invincibles a mharaigh an Tiarna Cavendish agus Thomas Henry Burke i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1882. 

Tá scéalta agus aistí eile le Séamus Ó Grianna sa chnuasach chomh maith ar foilsíodh leaganacha de chuid acu cheana ar Scéala Éireann sna caogaidí.

Tá na lámhscríbhinní seo á gclárú agus á ndigitiú faoi láthair ionas go mbeidh fáil ag an bpobal i gcoitinne orthu i bhfoirm leictreonach agus eile amach anseo. 

Na deartháireacha Mhic Grianna le chéile. Ó chlé: Hiúdaí, Séamus, Seán Bán, Domhnall agus Seosamh

Is í iníon Bhreandáin Uí Mhiacháin - ar chara le "Máire" é - a bhronn na lámhscríbhinní ar an Áislann.

Beidh Séamus Ó Grianna leathchéad bliain marbh i mí na Samhna agus beidh féile imeachtaí ina onóir ar siúl in Áislann Rann na Feirste idir 25 agus 27 Deireadh Fómhair. 

Beidh na lámhscríbhinní le feiceáil i gcaitheamh an deireadh seachtaine sin agus déanfaidh an tOllamh Nollaig Mac Congáil cur síos ar an gcnuasach agus ar an tábhacht a bhaineann leis.

Fógrófar gradam speisialta an deireadh seachtaine sin freisin a bheas le bronnadh ar scríbhneoir as a s(h)aothar litríochta.

Tuairisceoireacht bhreise: Ciarán Lenoach