skip to main content

'Fadhbanna suntasacha le moltaí nua na Breataine - An Tánaiste

Deir An Tánaiste Simon Coveney go mbaineann 'fadhbanna suntasacha' le moltaí nua na Breataine don Breatimeacht, ach go bhfuil deiseanna ann iad a athrú.

Foilsíodh na moltaí Dé Céadaoin, agus thug an Príomh-Aire Johnson le fios go raibh 'prótacol nua' iontu a thógfadh áit an chúlstad.

Fáilte chúramach a chuir oifigigh na hEorpa roimh na moltaí á rá go raibh fadhbanna leis an gcáipéis in ainneoin go raibh dul chun cinn ann faoi sháinn Thuaisceart Éireann.

Dúirt Simon Coveney ar RTÉ ar maidin go raibh glactha den chéad uair ag Rialtas na Breataine, go dteastaíonn ailíniú iomlán rialála d'earraí le infreastruchtúr teorann ar oileán na hÉireann a sheachaint, agus gur faoi Bhoris Johnson a glacadh leis seo.

'Dul chun cinn agus fáilte roimhe' a dúirt an Tánaiste faoi seo, ach go mbaineann fadhbanna suntasacha leis an gcáipéis i gcónaí.