Tá Stoirm Lorenzo traoite anois tar éis di iarthar, iardheisceart agus iarthuaisceart na hÉireann a thuargaint. Ní dhearna sí aon mhórscrios i mbunáite na tíre ach d'fhág sí a lorg ar Dhún na nGall go háirithe.
De réir a chéile, nascadh na sreanga arís agus tá cumhacht aibhléise curtha ar fáil arís do na mílte a bhí fágtha dá huireasa ó aréir.
Sin a bhfuil den tuairisceoireacht bheo faoin anfa. Tuairiscí thíos ar a chúrsa agus ar a lorg:
- 15:00: Aillte cairbreacha Árann ag seasamh an fhóid.
Fiántas na farraige faoi bhun Dhún Aongusa, Inis Mór @NuachtRTE #Lorenzo pic.twitter.com/KliXJ32Hl3
— Shane Ó Curraighín (@Curraighin) October 4, 2019
-14:30: I gCian-Iarthar Duibhneach atá Com Dhíneol. Ní mór do mhuintir na háite sin ach go háirithe a bheith diongbháilte in aghaidh nimh na ndúl.
Na tithe is sia siar san Eoraip gan aon chumhacht aibhléise. Com Dhíneol i gCorca Dhuibhne. Labhrann @Buailtin le Breandán de hÓra, oibrí de chuid @ESBNetworks atá i mbun deisithe #Lorenzo pic.twitter.com/YSvV7rPoQZ
— NuachtTG4 (@NuachtTG4) October 4, 2019
- 14:00: Is i ndeisceart Dhún na nGall atá na fuarlaigh is measa agus an t-uisce sceite isteach i roinnt tithe ansin.
- 13:55: Bhí na húdaráis áitiúla ar fuireachas ag Abhainn na hIascaí i mbaile Dhún na nGall ar feadh scaithimh ar fhaitíos go gcuirfeadh sí thar a bruacha. Tá an t-ionradh tráite ó shin agus deirtear nach ndearnadh tuilleadh damáiste dá bharr.
Aimsir an lae inniu: pic.twitter.com/FFPaWsJuf7
— An Aimsir Láithreach (@AimsirTG4) October 4, 2019
- 12:32: Deir Met Éireann go rachaidh an ghaoth in éag tráthnóna agus go n-éireoidh an ghaoth aneas arís ar chóstaí an Iarthair anocht. Beidh sé tirim den chuid is mó. Beidh sé brádánach in áiteanna ach níl aon chaint níos mó ar bhailceanna fearthainne.
- 12:15: Gob an Choire, Acaill. Leictreoir ag cuailleadóireacht agus na sreanga á nascadh arís aige.
- 12:00: Ar ais ar a seanléim! Tumadóir i mBóthar na Trá i nGaillimh ar maidin. Í i mbarr na gceirtlíní geala agus fuinneamh na stoirme caite thiar.
-11:40: Tá an tsáile ag tonnadh isteach ar Bhéal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo, ach deir muintir an bhaile go bhfuil lascaine tagtha ar an ngaoth ansin anois.
- 11:01: Deir Met Éireann gur thart ar 107 ciliméadar san uair a bhí faoin ngaoth i nGaillimh agus i Maigh Eo i gcaitheamh na hoíche, seachas an 130 ciliméadar a bhí tuartha.
- 10:50: Luimneach agus an Clár tagtha slán tríd is tríd, a deir ár dtuairisceoir Tomás Ó Mainnín agus é ar an diolb.
An scéal is deanaí maidir le stoirm #Lorenzo I gCo. An Chláir agus I Luimneach ó @omainnintomas pic.twitter.com/iAlUXWAvqA
— NuachtTG4 (@NuachtTG4) October 4, 2019
- 10:39: Deir ár dtuairisceoir Shane Ó Curraighín in Inis Mór, Árainn nach bhfuil eitiltí ag dul isteach ann ná amach as faoi láthair.
- 10:34: Tá an Grúpa Náisiúnta um Chomhordú Éigeandála tagtha le chéile ar maidin le méid na díobhála a mheas.
- 10:28: Tá an Bhriogáid Dóiteáin ag taoscadh uisce as corrionad gnó i mbaile Dhún na nGall agus tá meithleacha Bhord Soláthair an Leictreachais ar a mbionda ag iarraidh an chumhacht a chur ar fáil arís do chustaiméirí.
- 10:20: Ní bhuailfear aon bháire ar an talamh sceite seo i gCill Charthaigh, Co Dhún na nGall, go ceann scaithimh.
Páirc @CLGChillChartha in iardheisceart Dhún na nGall i ndiaidh #Lorenzo pic.twitter.com/LIpDITcabu
— NuachtTG4 (@NuachtTG4) October 4, 2019
- 10:17: Naomhóg ardaithe dá stáitse ag maidhm rabhartha i gCuas an Bhodaigh, Corca Dhuibhne.
- 10:15: Ár dtuairisceoir Shane Ó Curraighín ar an sceird.
Dún Aonghusa, Inis Mór #Lorenzo pic.twitter.com/LTjKmtd6P6
— NuachtTG4 (@NuachtTG4) October 4, 2019
- 10:08: Bábhún daingean an Spidéil gan bhriseadh.
- 10:05: Tá os cionn 1,000 teach thart ar Leitir Fraic agus ar an gClochán in iarthuaisceart na Gaillimhe gan aon leictreachas.
- 9:55: Droichead coise scriosta ag maidhm thuile ar Abhainn Ghlinne idir Teileann agus an Charraig, Co Dhún na nGall.
- 9:45: Tá foláireamh tugtha ag Met Éireann go bhféadfadh gailbheacha cur isteach ar thiománaithe ar maidin. Tá na Gardaí ag comhairliú do dhaoine tiomáint níos moille agus a bheith ar a n-airdeall ar fhaitíos go mbeadh aon bhlas tite ar na bóithre nó ag imeacht san aer de bharr na stoirme.
- 9:30: Tá fógra gaoithe a bhfuil stádas buí leis eisithe ag Met Éireann ó 7 a chlog go dtí 1 a chlog tráthnóna i gContaetha an Chláir, na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Ros Comáin, an Longfoirt agus na hIarmhí.
Tá lá na seacht síon buailte linn agus Stoirm Lorenzo tagtha i dtír in iardheisceart agus in iarthar na hÉireann. Tá gaoth mhór, ráigeanna troma baistí agus coipeadh farraige in áiteanna sa tír ó thráthnóna.
Deir Met Éireann go bhfuil scríob ar an oíche ach tá an fógra toirní agus tintrí tarraingthe siar acu.
- 22:00: Ag meánoíche is tréine a bheas an dóstacht, a deir lucht caileantóireachta. Casfaidh an t-anfa soir isteach faoin tír ina dhiaidh sin agus lagfaidh sé de réir a chéile.
- 21:35: Barr láin mhara ar oirear an Chláir agus an tAigéan Atlantach ag tonnadh isteach ar na cladaí.
- 21:27: Tuairiscíonn lucht meitéareolaíochta go bhfuil an stoirm ag triall ó thuaidh agus go bhfuil moill tagtha ar a cúrsa soir trasna na tíre. Mairfidh sí níos faide san iarthar dá bharr sin agus caithfidh sé níos mó báistí ansin ná a tuaradh.
- 21:02: Na haistí teannta ag muintir Chill Chaoi an Chláir freisin, agus gan aon amharc ar dheoraí an bhéil bheo ann.
- 20:55: Tá ciall cheannaithe ag muintir an Iarthair. Tá sráidbhaile an Spidéil i nGaillimh tréigthe anocht.
Lorenzo: Shane Ó Curraighin ag cur síos ar an stoirm as Inis Mór, Árainn pic.twitter.com/g6BfFkNfIB
— NuachtTG4 (@NuachtTG4) October 3, 2019
- 20:34: Tá an ghaoth ag éirí i lár tíre. Tá údaráis áitiúla na hIarmhí agus Uíbh Fhailí ag iarraidh ar dhaoine dul ar cuairt chuig seanóirí ina gcomharsanacht le cinntiú go bhfuil siad faoi réir don doineann. Tá siad ag achainí ar dhaoine a gcuid claiseanna agus draenacha a ghlanadh ar fhaitíos go dtiocfadh bacadh iontu.
Céibh Bhearna i gCo na Gaillimhe...baisteach throm agus gaoth láidir ag séideadh #Lorenzo @NuachtTG4 @NuachtRTE @SineadNiN pic.twitter.com/GFy3Pla3AY
— NuachtTG4 (@NuachtTG4) October 3, 2019
- 20:26: Tuairiscíonn Seán Mac an tSíthigh go bhfuil surfálaí eitleoige a bhí ar iarraidh aimsithe ina bheatha sa Mhachaire ar leithinis Chorca Dhuibhne. Bhí héileacaptar an Gharda Cósta ón tSionainn, bád tarrthála na Fianaite agus Garda Cósta an Daingin á chuardach. D'éirigh leis teacht i dtír as a stuaim féin.
- 20:05: Malaí gainimh le doras Thigh Uí Dhonnghaile i mBearna, Co na Gaillimhe. Tá an teach ósta buailte ar an gcé ansin.
- 20:00: Deir ár dtuairisceoir Shane Ó Curraighín atá in Inis Mór, Árainn go bhfuil an aimsir ag dul in olcas ansin. Tá sé ina thréanmhuir, tá tuairt bháistí ann agus tá faobhar faoin ngaoth. Tá súil le barr láin mhara ag 9.15.
- 19:55: An Aimsir Láithreach agus an Aimsir Fháistineach ag Caitlín Nic Aoidh dúinn. Insíonn na léaráidí an scéal.
Oíche fhiáin le gaoth pholltach anocht. Gálaí gaoithe ag luas 130km/u #StormLorenzo Tá an tuairisc aimsire ag @CaitlinNicAoidh @TG4TV pic.twitter.com/UNzLfGO1OV
— An Aimsir Láithreach (@AimsirTG4) October 3, 2019
- 19:50: Pacaí gainimh le doirse i gCill Chaoi sa Chlár roimh an mbarr taoide.
- 19:39: D'fhéadfadh píosaí de bhóithre an N59 agus an R313, idir Béal an Mhuirthead agus an Fód Dubh, a bheith dúnta. Foilseofar eolas faoi na bóithre a dhúnfar ar shuíomh idirlín Chomhairle Contae Mhaigh Eo, ar na meáin shóisialta agus ar na meáin eile áitiúla.
Bóthar dúnta i dTrá Mhór, Co Phort Láirge, agus imní ar dhaoine faoin treathan tonn
- 19:36: Tá plean éigeandála curtha i bhfeidhm ag Comhairle Contae Mhaigh Eo agus tá socruithe déanta in áiteanna a mbíonn baol tuile ann. Tá málaí gainimh agus bacainní eile leagtha amach i gCrois Mhaoilíona agus i mBéal an Átha.
- 19:24: Tá meithleacha na n-údarás áitiúil ar fud na tíre ar fuireachas agus iad faoi réir le dul i ngleic leis an damáiste a bheas ann mar gheall ar fhuarlaigh.
- 18:39: "Ní lá don ghuaisbheart é," a deir an Grúpa Náisiúnta um Chomhordú Éigeandála. Tá siad ag iarraidh ar dhaoine gan a bheith ag amaidí tráthnóna, agus gan pictiúir a ghlacadh in áiteanna contúirteacha. "D'fhéadfadh scalóid ghaoithe duine a scuabadh chun bealaigh gan choinne," a deir siad.
- 18:24: Tuairiscíonn Sinéad Ní Neachtain duine nó daoine a bheith thuas ar an gclár tumtha i mBóthar na Trá i nGaillimh ainneoin na comhairle ar fad faoi chúrsaí sábháilteachta. Tá fios curtha ar na Gardaí.
- 17:53: Stoirm Lorenzo: Shane Ó Curraighín i gCill Rónáin, Inis Mór, Árainn.
Stoirm Lorenzo: Shane Ó Curraighín i gCill Rónáin, Inis Mór, Árann pic.twitter.com/HkDu0WXhPR
— Nuacht RTÉ (@NuachtRTE) October 3, 2019
- 17:48: Stoirm Lorenzo: Seán Mac an tSíthigh in Iarthar Duibhneach, Co Chiarraí.
Stoirm Lorenzo: Seán Mac an tSíthigh in Iarthar Duibhneach pic.twitter.com/ldek92Ayk2
— Nuacht RTÉ (@NuachtRTE) October 3, 2019
- 17:32: Tá iarrtha ag na Gardaí ar dhaoine tiomáint go mall. Ba chóir do thiománaithe feithiclí arda a bheas ag taisteal i gcaitheamh na hoíche a bheith an-chúramach, a deir siad.
- 17:25: Tuairiscítear roinnt crann agus craobhacha crann a bheith leagtha i gCo an Chláir agus an ghaoth ag neartú ansin.
- 17:12: Tá málaí gainimh brúite go dlúth in aghaidh dhoras na bialainne seo i mBóthar na Trá i nGaillimh, agus súil le Dia ag na húinéirí gur díon daingean ar an díle a bheas iontu.
- 17:09: Tá sé ráite arís tráthnóna ag an nGrúpa Náisiúnta um Chomhordú Éigeandála go bhfuil an-imní orthu faoin díobháil a dhéanfas Stoirm Lorenzo i gceantair cois cósta, go háirithe san iarthar agus san iardheisceart.
- 16:55: Feamainn caite feadh an chladaigh ag maidhm thaoide i gCarraig an Chabhaltaigh, Co an Chláir.
- 16:41: Tá trí huaire breise curtha anois leis an stádas flannbhuí aimsire atá fógartha don chúig chontae san iarthar mar gheall ar Stoirm Lorenzo. Beidh an stádas sin i bhfeidhm anois go dtí 6 a chlog ar maidin amárach.
- 16:35: John O'Donnell, captaen bhád tarrthála Árann, ag caint ar ghlao éigeandála a fuair sé féin agus a chriú ar maidin.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
- 16:18: Báid iascaigh ar thaobh na fothana de Ché an Daingin i gCo Chiarraí. Deir ár dtuairisceoir Seán Mac an tSíthigh go bhfuil neart bád ón iasacht ina measc.
- 15:57: Tá ár dtuairisceoir Tomás Ó Mainnín i gCo an Chláir, mar a bhfuil daoine ag fáil faoi réir don anfa gaoithe.
- 15:35 Bean a gortaíodh tugtha ag bád tarrthála INRBT(RNLI) Árann ó Inis Meáin go cé Ros an Mhíl, áit ar cuireadh in otharcharr í. Bhí oibriú 3.5 méadar i bhfarraige agus gaoth anoir aneas fórsa 8 ann le linn a dturais.
Daoine ag snámh go fóill i mBóthar na Trá. Gaillimh ag úllmhú do #Lorenzo @NuachtTG4 @NuachtRTE @SineadNiN @rtenews pic.twitter.com/cyX5Mpt4Ll
— Nuacht RTÉ (@NuachtRTE) October 3, 2019
- 15:20: Tá ár dtuairisceoir Shane Ó Curraighín in Inis Mór, Árainn. Tá eitiltí Aer Árann agus seirbhís an bháid farantóireachta go hOileáin Árann don chuid eile den lá curtha ar ceal. Déanfar cinneadh ar maidin faoin lá amárach.
- 15:15: Tá Sinéad Ní Neachtain ag coinneáil súil ar chúrsaí thart ar chathair na Gaillimhe. Tá bacainn shábháilteachta - ceann dúbailte den chéad uair riamh - curtha in airde cois na habhann ag an bPóirse Caoch.
Deir Met Éireann go bhfuil cuilithe na stoirme ag déanamh ar iarthuaisceart Mhaigh Eo agus go n-athróidh sí cúrsa soir trasna na tíre i gcaitheamh na hoíche.
Tháinig feidhm ó 9 a chlog ar maidin le foláireamh gaoithe a bhfuil stádas flannbhuí leis a d'eisigh Met Éireann do chúig chontae.
Is iad Ciarraí, Luimneach, an Clár, Gaillimh agus Maigh Eo na contaetha atá i gceist.
Tá siotaí 130 ciliméadar san uair tuartha in áiteanna sna contaetha sin.
Daoine ag gaothshurfáil ag Trá na gCeann i nGaillimh #Lorenzo @NuachtTG4 @NuachtRTE @rtenews @SineadNiN beo @5:40 pic.twitter.com/9u4CqQnvl6
— Nuacht RTÉ (@NuachtRTE) October 3, 2019
Tá achainí déanta ag an nGarda Cósta, i gcomhar le Cumann na mBád Tarrthála, ar an bpobal a bheith ar a n-airdeall nuair a bheas siad le cósta agus gan beatha aon duine ó na seirbhísí éigeandála a chur i mbaol.
Beidh sé ina lán mara ag 9.15 anocht agus tá baol tuilte i gceantair le cósta dá bharr, a deir na húdaráis áitiúla san iarthar.
Málaí gainimh á mbailiú i mBóthar na Trá i nGaillimh ag úllmhú do #Lorenzo @GalwayCityCo @SineadNiN @NuachtTG4 pic.twitter.com/3iHe3Dymkx
— Nuacht RTÉ (@NuachtRTE) October 3, 2019
Bhí cruinniú ar maidin den Ghrúpa Náisiúnta um Chomhordú Éigeandála le tuilleadh socruithe a dhéanamh don doineann.
Cuireadh naoi n-eitilt ar athló ag Aerfort Bhaile Átha Cliath go dtí seo, eitiltí a bhí ag dul isteach ann agus amach as, agus tá eitiltí trathnóna idir Baile Átha Cliath agus Dún na nGall curtha ar ceal.