skip to main content

Óglaigh na hÉireann faoi réir d'ionsaí ceimiceach

Comhalta d'Óglaigh na hÉireann "ag fáil faoi réir d'ionsaí ceimiceach"
Comhalta d'Óglaigh na hÉireann "ag fáil faoi réir d'ionsaí ceimiceach"

Ag taispeántas in Aeradróm Mhic Easmainn i mBaile Dhónaill in iarthar Bhaile Átha Cliath inniu, léiríodh cén chaoi a rachadh Óglaigh na hÉireann i ngleic le hionsaí bitheolaíochta nó ceimiceach ar an tír seo.

Cé go bhfuil cosc ar airm bhitheolaíochta agus cheimiceacha agus eile faoin dlí idirnáisiúnta, baineann dreamanna míleata éagsúla úsáid astu le víris, nó baictéir, nó gás nimhiúil a scaipeadh i measc an phobail.

Sa tSiria is deireanaí, meastar, a rinneadh ionsaithe uafásacha den tsórt seo ar dhaoine.    

Dá dtarlódh a leithéid sa tír seo, tá na Fórsaí Cosanta faoi réir agus ar fuireachas. Tá teicneolaíocht nua acu le hionsaithe bitheolaíochta, ceimiceacha, núicléacha agus raideolaíochta a mheas agus bhí an chuid is suntasaí di ar taispeáint i mBaile Dhónaill inniu. 

Óglaigh na hÉireann "ag fáil faoi réir d'ionsaí ceimiceach"

Óglach ar fuireachas

Ceann de mhórbhuntáistí na teicneolaíochta seo nach gá do shaighdiúirí a mbeatha a chur i mbaol le fianaise a bhailiú ar láthair ionsaithe. 

Dá dtarlódh ionsaí in Éirinn, bhainfí leas as dróin, feithicilí speisialta, gairis le hábhar ceimiceach a aithint, agus gairis eile fós a bhailíonn samplaí dlí-eolaíochta.

Tá go leor den teicneolaíocht bunaithe ar intleacht shaorga agus ar réaltacht fhíorúil. 

Feithicil róbataice le hÓglaigh na hÉireann

Cianoibritheoir drón

Tá an Roinn Ríomhtheicneolaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag obair i gcomhar le hÓglaigh na hÉireann ar chruthú agus ar dhearadh na teicneolaíochta seo le trí bliana anuas.  

Dúirt an tOllamh Michael Madden le Nuacht RTÉ/TG4 inniu go mbaintear leas as an teicneolaíocht chun obair dhlí-eolaíochta agus scrúduithe bunúsacha a dhéanamh ar láthair ionsaithe in áit saighdiúirí a chur i mbaol. 

Dúirt sé má éiríonn leis an togra a chruthú go bhfuil rath ar an teicneolaíocht seo agus gur féidir beatha saighdiúirí a shábháil go bhféadfaí an teicneolaíocht a dhíol le seirbhísí póilíneachta agus forsaí cosanta ar fud an domhain.

An tOllamh Michael Madden, Roinn Ríomhtheicneolaíochta OÉ Gaillimh

Is é Cór Ordanáis Óglaigh na hÉireann atá freagrach as an teogra teicneolaíochta seo.

Tá an Cór Ordanáis freagrach as gach píosa trealaimh a sholáthar, a stóráil, a dháileadh, a iniúchadh, a chothabháil, a dheisiú agus a dhiúscairt. Is é a chuireann traenáil ar an bpearsanra freisiin.

Dúirt oifigeach sinsearach sa Chór Ordanáis linn inniu go bhfuil Óglaigh na hÉireann ag baint leas as róbait ar mhisin sa tSiria agus sa Liobáin ó 1979 i leith. Dúirt sé go gcuideodh an dul chun cinn teicneolaíochta seo le beatha saighdiúirí in áiteanna mar sin a shábháil.

Comhalta d'Óglaigh na hÉireann i mbun traenála inniu

Tá €5 milliún curtha ar fáil don togra ag ciste taighde agus nuálaíochta an Aontais Eorpaigh, Horizon 2020.