Ag Féile Ealaíona an Chlocháin i gCo na Gaillimhe, rinneadh ceiliúradh ar shaol an bhailitheora ceoil agus bealóidis Séamus Ennis agus ar shaothar Choilm Uí Chaodháin as Glinsce i gConamara, an faisnéiseoir ba mhó ónar bháiligh sé ábhar.

Tá 100 bliain ann i mbliana ó saolaíodh Séamus Ennis i bhFionnghlas i mBaile Átha Cliath.

Amhránaí, portaire béil, píobaire, craoltóir agus bailitheoir ceoil agus béaloidis ab ea Séamus Ennis a bhí inniúil ar chanúintí Gaeilge na hÉireann agus ar Ghàidhlig na hAlban. D'oibrigh sé le Coimisiún Béaloideas Éireann idir na blianta 1942 agus 1947.

"Is beag seans go bhfeicfear a leithéid aríst," a dúirt an craoltóir agus píobaire Peter Browne ag an ócáid inniu.

Séamus Ennis

Thug an tOllamh Ríonach Uí Ógáin atá ina stiúrthóir ar Chnuasach Choimisiún Bhéaloideas Éireann achoimre ar an chaidreamh idir Séamus agus Colm Ó Caodháin bunaithe ar na taifid dialainne a choinnigh Séamus.

Bháiligh sé 212 mír - idir amhráin, poirt agus scéalta ó Cholm. Port na Gibeoige an chéad phíosa díobh sin.

Inniu, chas Róisín Elsafty an t-amhrán sin maraon le hamhráin eile a fuair sé ó Cholm Ó Caodháin.

Dúirt Tomás Ó Caodháin, mac le deartháir Choilm, gur údar mór bróid don teaghlach an méid a bhailigh Séamus Ennis óna uncail agus an oidhreacht a fágadh ina dhiaidh.

Taispeánadh clár fáisnéise faoi shaol Shéamuis "Miles and Miles of Music" a craoladh den chéad uair ar RTÉ, Lá na Féile Pádraig sa bhliain 1975.

Éamon de Buitléar

"Ceamara Bolex 16mm a húsáideadh don scannánaíocht agus rollaí téipe 2 nóiméad go leith a bhí acu," a dúirt Cian de Buitléar, mac le hÉamon de Buitléar a stiúraigh an clár fáisnéise. 

Dúirt an tOllamh Uí Ógáin go bhfuil oidhreacht shabhir Choilm Uí Chaodháin againn a bhuíochas don dlúthchaidreamh a bhí aige le Séamus Ennis agus gur bhoichte muid mura mbeadh a leithéid againn.