skip to main content

"Athrú aeráide le lorg anróiteach a fhágáil orainn"

"Téamh farraige agus leá oighir le lorg anróiteach a fhágáil ina ndiaidh"
"Téamh farraige agus leá oighir le lorg anróiteach a fhágáil ina ndiaidh"

Léiríonn tuarascáil idirnáisiúnta nuafhoilsithe go bhfágfaidh téamh na farraige agus leá oighir lorg anróiteach, tromchúiseach ar an dúlra agus ar an gcine daonna.  

Deir an Painéal Idir-Rialtais ar Athrú Aeráide - eagraíocht na Náisiún Aontaithe - go bhféadfadh os cionn méadar d'ardú teacht ar leibhéal na farraige faoi dheireadh an chéid má leanann an méadú as cuimse ar líon na ngásanna nimhiúla atá á scaoileadh san aer ar aghaidh.

Léiríonn an tuarascáil go bhfuil oighear ag an dá mhol ag leá ag ráta níos gasta agus níos suntasaí ná mar a ceapadh roimhe seo.

D'fhéadfaimís 70% den talamh síorshioctha a chailleadh má leanann na leibhéil chéanna truaillithe ar aghaidh, a deirtear. Scaoilfeadh an leá tuilleadh meatáin agus dé-oscaíde carbóin san atmaisféar, rud a chuirfeadh go mór le téamh domhanda. 

Huscaithe sa Ghraonlainn ag spágáil tríd an uisce san áit a mbíodh leac oighir

Deirtear sa tuarascáil freisin go bhfuil farraigí an domhain níos aigéadaí agus go bhfuil níos lú ocsaigine iontu ná riamh. 

Deir an Dr Gerard McCarthy ón Ionad Anailíse agus Taighde ar chúrsaí aeráide ICARUS in Ollscoil Mhá Nuad go léiríonn an taighde is deireanaí seo go bhfuil sruthanna aigéin ag laghdú, go háirithe Scairdsruth na Murascaille.

Ag labhairt dó le Nuacht RTÉ/TG4, dúirt an Dr McCarthy nach fios cén impleacht a bheas ag an laghdú seo ar aeráid na hÉireann ach go bhfuil baol ann go dtiocfaidh níos mó stoirmeacha chomh fada leis an tír seo dá bharr.  

An Dr Gerard McCarthy, Ollscoil Mhá Nuad

D'fháiltigh an Dr McCarthy roimh fhógra an Taoisigh ag tús na seachtaine go bhfuil deireadh le cur de réir a chéile le taiscéalaíocht ola agus gáis i bhfarraigí na hÉireann, agus gur ar bheartais leis an aeráid a fheabhsú amháin a chaithfear an t-airgead ar fad a thiocfas ó chánacha éagsúla carbóin sa tír seo feasta.  

Deir an Dr McCarthy nach bhfuil an cath caillte i gcoinne athrú aeráide fós ach go gcaithfear truailliú a laghdú agus breathnú ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite.