Fágadh clocha móra ag geataí iaróstáin in Uachtar Ard go moch ar maidin, mar a bhfuil aighneas faoina bhfuil i ndán don suíomh.
Tá daoine i mbun agóidíochta taobh amuigh d'Óstán an Connemara Gateway ó mhaidin Dé Sathairn ag cur in aghaidh plean a deirtear atá ag an Roinn Dlí agus Cirt ionad soláthair dhírigh do theifigh a bhunú ann.
Bhí mórshiúl in aghaidh an ionaid in Uachtar Ard an deireadh seachtaine seo caite a raibh 1,500 duine páirteach ann.
Deir lucht agóide nach bhfuil siad i gcoinne na dteifeach ach go bhfuil siad míshásta leis an bpróiseas faoina mbunaítear ionaid soláthair dhírigh.
Tá sé ráite ag Príomh-Aoire an Rialtais, an tAire Stáit Seán Kyne, nach bhfuil an próiseas ceart ná cothrom, ach go bhfuil dualgas ar an Stát áit a chur ar fáil do theifigh mar sin féin.
Deir na léirsitheoirí go leanfaidh siad leis an bpicéad go dtí go bhfaighidh siad freagraí ón Roinn Dlí agus Cirt.
Bhí cruinniú acu leis an Aire Stáit sa Roinn sin David Stanton agus le Seán Kyne tráthnóna le pleananna atá ag an Rialtas don iaróstán a phlé.
Dheimhnigh an tAire Stáit Kyne go bhfuil tairiscint curtha chuig an Roinn Dlí agus Cirt ag an té ar leis an t-iaróstán ionad soláthair dhírigh a chur fáil ann.
Thug an tAire Stáit le fios ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu nach bhfuil aon chonradh sínithe fós i dtaobh na tairisceana atá déanta.
Tá seachtain caite ó tarraingíodh conspóid faoin méid a dúirt an Teachta Dála Neamhspleách Noel Grealish ag cruinniú poiblí in Uachtar Ard maidir le hinimircigh.
Tá sé iarrtha ag an Taoiseach Leo Vardkar ar an Teachta Grealish a chuid cainte a tharraingt siar.
Níl aon ráiteas poiblí déanta ag Noel Grealish ó shin agus ní raibh sé ar fáil inniu ach oiread.