skip to main content

Leacht nochta i gcuimhne ar chomhaltaí de Chabhlach Mheiriceá

Criú an PB4Y-1 Liberator (Pic: Le caoinchead Marian Nee)
Criú an PB4Y-1 Liberator (Pic: Le caoinchead Marian Nee)

Ar an Chlochán i gCo na Gaillimhe inniu, nochtadh leacht i gcuimhne ar chomhaltaí de Chabhlach Stáit Aontaithe Mheiriceá a tháinig i dtír sa cheantar i rith an Dara Cogadh Domhanda.

Cothrom na seachtaine seo 75 bliain ó shin, thuairt eitleán buamála den déanamh PB4Y-1 Liberator san Aigeán Atlantach amach ó Bhaile Conaola ó dheas den Chlochán. Bhí an t-eitleán ar a bealach as Virginia sna Stáit Aontaithe go Réicivíc san Íoslainn.

Báthadh ceathrar den deichniúr a bhí ar bord an eitleáin.

D'éirigh leis an chuid eile dul ar bord rafta tárrthála agus chaith siad 33 uair a chloig ar an fharraige. Bhásaigh duine amháin den chúigear ar an rafta, áfach.

Is san Aill Bhreac in gar don áit a bhfuil cumann gailf Bhaile Conaola anois a tháinig na fir i dtír.

Chaith siad tamall ag teacht chucu féin in Otharlann an Chlocháin sular tugadh chuig an Bhreatain iad trí na Sé Chontae.

Inniu, nocht Ambasadóir na Stát Aontaithe in Éirinn Edward Crawford leacht i gcuimhne orthu.

Ina óráid, ghabh an tAmbasadóir buíochas le muintir Bhaile Conaola as a gcinéaltas leis na saighdiúiri cabhlaigh agus dúirt gur léiriú atá sa leacht ar fhéiníobairt agus ar dhíograis na saighdiúirí.