Vótáil feisirí Pharlaimint na hEorpa inniu go gceapfaí iarcheannasaí an Chiste Idirnáisiúnta Airgeadais Christine Lagarde ina ceannasaí nua ar Bhanc Ceannais na hEorpa - an chéad bhean riamh a ceapadh sa phost.
Vótáil 394 feisire ar a son, 206 ina haghaidh agus staon 49 acu.
Tiocfaidh sí i gcomharbacht ar Mario Draghi nuair a thiocfas deireadh lena théarma Lá Samhna.
Dúirt Christine Lagarde go mbeadh sé i gceist aici coinneáil a bheag nó mhór leis an obair a bhí ar bun ag Mario Draghi, ach go mbeadh sí faoi réir le hathruithe a dhéanamh ar an bpolasaí airgeadais dá dteastódh sin.
Dúirt an t-iarThánaiste, an Feisire Eorpach Frances Fitzgerald, gur dul chun cinn mór é bean a bheith ceaptha sa phost.