Tá an t-amhránaí as Cois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe, Caitlín Ní Chualáin, ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis in Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Is as an Teach Mór Thiar in Indreabhán í Caitlín a bhfuil Comórtas na mBan ag an Oireachtas sna blianta 2005, 2008 agus 2014 buaite aici. Bhuaigh sí Corn Ui Riada, an príomhghradam don amhránaíocht ar an sean-nós, in 2016.

Thug sí amhráin léi go háirithe óna hathair, Máirtín Pheaits Ó Cualáin, a bhuaigh Comórtas na bhFear ag an Oireachtas i 1944 agus arís sa bhliain 2001. 

Is iad na hamhráin is mó atá luaite léi Loingseach Bhearna a d’fhoglaim sí óna hathair agus Amhrán na mBuachaillí Bána.

Bíonn Cailtín le cloisteáil go minic ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, áit a bhfuil sí fostaithe mar iriseoir, agus bíonn sí ag amhránaíocht ar stáitse go minic. 

I ráiteas, chuir an Dr Méabh Ni Fhuartháin ó Ionad Léann na hÉireann fáilte mhór roimh an gceapachán: "Táimid thar a bheith sásta go mbeidh Caitlín Ní Chualáin linn mar amhránaí cónaitheach i mbliana. Tá guth fé leith ag Caitlín, guth atá sonrach agus binn ag an am céanna, agus ceangailte go láidir sa traidisiún thart uirthi. Is deis iontach é dos na micléinn agus dóibhsean ar fad a bheidh ag foghlaim uaithi anso san Ollscoil." 

Beidh sraith ceardlann á múineadh ag Caitlín san Ollscoil san Fhómhar agus arís san Earrach, agus beidh a cuid amhrán á dtaifeadadh aici don chartlann sean-nóis atá á bailíú ag Ionad Léann na hÉireann.

Cuirfear tús leis na ceardlanna i seomra seimineáir an Ionaid ar Bhóthar na Drioglainne ar 1 Deireadh Fómhair ag 7 a cholg tráthnóna. Tá na ceardlanna saor in aisce agus tá  fáilte roimh chách.