skip to main content

Comharthaí Gaeilge i nDún na nGall scriosta amach

"An Bun Beag" scriosta amach
"An Bun Beag" scriosta amach

Deir an comhairleoir contae i nDún na nGall, John Shéamuis Ó Fearraigh ó Shinn Féin, go bhfuil sé i gceist aige gearán oifigiúil a dhéanamh leis na Gardaí faoi dhamáiste coiriúil atá déanta do chomharthaí bóthair i nGaeltacht Dhún na nGall le mí anuas.

Trí seachtaine ó shin, cuireadh péint ar logainmneacha Béarla ar chomharthaí bóthair atá ag díriú i dtreo bailte Galltachta agus le cúpla lá, tá péint curtha ar logainmneacha Gaeilge ar chomharthaí sa Ghaeltacht.

Is cosúil gur cuireadh tús leis an loitiméireacht ag tús na míosa seo chuaigh thart nuair a scriosadh amach an logainm Béarla "Letterkenny" ar chomharthaí bóthair i nGaeltacht Dhún na nGall. 

Deir na Gardaí nach bhfuil aon fhiosrúchán ar bun acu faoin damáiste de bhrí nach ndearna aon duine gearán leo faoi go fóill.  

Ach ar an chlár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, dúirt John Shéamuis Ó Fearraigh go bhfuil sé i gceist aigesean gearán oifigiúil a dhéanamh.

Ar an chlár céanna, cháin bainisteoir Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair an loitiméireacht. Dúirt Cathal Ó Gallchóir go bhfuil modhanna níos fearr ann le hagóid a dhéanamh faoi ábhar atá ag cur isteach ar dhaoine.

Chuir sé i gcuimhne go bhfuil na comharthaí dátheangacha sa Ghaeltacht dleathach mar go gcaithfidh comhartha atá suite sa Ghaeltacht ach a thagraíonn do logainm atá sa Ghalltacht - mar shampla "Leitir Ceanainn/Letterkenny" - a bheith sa dá theanga, agus go bhfuil an dlí seo leagtha amach go soiléir san Acht um Trácht ar Bhóithre agus in Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Dúirt Cathal Ó Gallchóir fosta go bhfuil an chontúirt ann go gcruthódh gníomhaíocht mar seo easaontas i measc an phobail agus gur léir nach dtuigeann cuid mhaith daoine cén pointe go díreach atá na loitiméirí ag iarraidh a dhéanamh. 

"Má tá daoine ag iarraidh agóid a dhéanamh nó má tá rud le plé, is ceart an plé sin a dhéanamh trí chruinnithe agus chainteanna poiblí," a dúirt sé.

An mhí seo caite, dhiúltaigh an comhairleoir contae neamhspleách i nDún na nGall, Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig, cáineadh a dhéanamh ar cibé dream a scrios amach leaganacha Béarla de logainmneacha ar chomharthaí bóthair i nGaeltacht Ghaoth Dobhair.

"Is léir go bhfuil cinneadh déanta ag duine nó daoine gur mhaith leo ráiteas a dhéanamh in éadan comharthaíocht dátheangach sa Ghaeltacht. Tá sé tábhachtach go n-éisteodh an Rialtas le mian an phobail - 'sé sin nach dteastaíonn comharthaí bóthair i mBéarla sa Ghaeltacht," a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easbuig ag an am.

I ráiteas ó Chomhairle Contae Dhún na nGall inni, dúradh go bhfuil díomá orthu faoin loitiméireacht a rinneadh ar na comharthaí bóthair. Dúradh fosta go bhféadfaí leas níos fearr a bhaint as acmhainní atá gann cheana féin seachas a bheith ag caitheamh na n-acmhainní sin ar chóiriú an damáiste seo.