Tháinig ardú suntasach ar líon na morgáistí nua a ceadaíodh i rith mhí Iúil, de réir an BPFI, Conaidhm Baincéireachta agus Íocaícohtaí na hÉireann.
Ceadaíodh 5,129 iasacht nua do thithe i rith na míosa, ardú 14.5% ar mhí an Mheithimh agus ardú 21.5% ar Iúil 2018.
Deir an BPFI go bhfuil luach €1.162bn ar na hiasachtaí seo, ardú 12.6% ar an mhí roimhe, agus beagnach 25% níos airde ná Iúil na bliana seo caite.
Den chéad uair ó 2011, tá luach na n-iasachtaí seo imithe thar €1bn, a deir an Conaidhm.
Bhí an t-ardú ba mhó i measc cheannaitheoirí chéad-uaire, ardú 35.3% ar na morgáistí a faomhadh, agus a raibh luach €616m leo.
Sa bhlaiin go dtí seo, ceadaíodh beagnach beagnach 14,900 morgáiste dóibh siúd, agus luach €3.5bn leo.
Ach tá titim tagtha ar an líon morgáistí do dhaoine a bhí ag iarraidh tithe a cheannach lena ligean, titim de 21.7%.