Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar nach mbeadh an tír seo ag vótáil ar son margadh saorthrádála Mercosur, mura gcomhlíonfadh an Bhrasaíl a gcuid gealltanas ó thaobh cúrsaí comhshaoil de. 

Tá scrios déanta ag tinte i bhforaoisí san Amasóin le roinnt seachtainí agus tá caint Rialtas na Brasaíle faoin scéal cáinte ag an Taoiseach. Maíonn Rialtas na Brasaíle go bhfuil sé cinnte orthu dul i ngleic leis na tinte de cheal acmhainní. 

Dúirt Leo Varadkar go mbeidh sé dhá bhliain sula gcaithfidh an tAontas Eorpach vóta ar mhargadh Mercosur agus go gcoinneofar súil ghéar ar ghnóthaí comhshaoil sa Bhrasaíl idir seo agus sin.

Ceaptar go léireoidh ceannairí an domhain imní faoi na tinte i bhforaoisí na hAmasóine le linn chruinniú mullaigh thíortha an G7 a bheas ar bun sa Fhrainc an deireadh seachtaine seo.