Deir Cumann Náisiúnta na bPríomhoidí nach bhfuil sé i gceist acu aon ráiteas oifigiúil a dhéanamh faoi na moltaí maidir le díolúine a thabhairt do dhaltaí ón Ghaeilge san Ardteist go dtí go mbeidh ciorclán oifigiúil na Roinne Oideachais feicthe acu.
Tá amhras léirithe go príobháideach ag roinnt príomhoidí i scoileanna Galltachta ar labhair Nuacht RTÉ/TG4 leo inniu faoin scéim agus deir siad gur mhaith leo na sonraí ar fad a fheiceáil nuair a fhoilseos an Roinn Oideachais an ciorclán i gceann coicíse maidir le critéir nua don díolúine.
Deir an Roinn go bhfoilseoidh siad an ciorclán agus an méid a tháing as an phróiseas comhairliúcháin poiblí a reáchtáil siad féin faoin gceist ag an am chéanna.
Tá míshásamh léirithe inniu ag saineolaí oideachais, an tOllamh Pádraig Ó Duibhir ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, faoi mhodh oibre na Roinne.
Dúirt an tOllamh Ó Duibhir go bhfuil díomá air "go bhfuil an chuma ar an scéal nach bhfuil an Roinn anois chun an tuarascáil ar an gcomhairliúchán a fhoilsiú sula bhfoilseofar na ciorcláin. Tar éis an oiread sin daoine páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin, sílim go bhfuil sé ag dul do dhaoine go bhfeicfeadh siad an tuairisc ar dtús agus go bhféadfadh siad breithiúnas ceart a dhéanamh an bhfuil bunús taighde leis na cinntí atá le déanamh."
I measc na n-athruithe atá molta don díolúine, ní bheidh gá feasta ag dalta tuairisc shíceolaíochta a chur ar fáil leis an díolúine a fháil. Deir an Roinn gur go hannamh agus go heisceachtúil a cheadófar díolúine.
Deir an tOllamh ó Duibhir, áfach, go mbeidh ualach breise oibre ar na príomhoidí de bharr an athraithe seo. Dar leis go mbeidh an córas mar a bhí ach go leagfar an obair ar na scoileanna seachas ar shíceolaithe.
Deir príomhoide Gaeltachta amháin, Ciarán Mac Ruaidhrí ó Ghairmscoil Chú Uladh i mBéal an Átha Mhóir i gCo Dhún na nGall, gur cheart leanacht leis na treoracha atá ann faoi láthair maidir le fíorchumas an dalta sula dtabharfar díolúine.
"Faoi láthair, caithfidh daltaí na spriocphointí de réir scrúduithe caighdeánacha cumais a shásamh agus ní bheadh scoil ar bith sásta díolúine a thabhairt gan na spriocanna seo a bheith socraithe," a dúirt Mac Ruaidhrí.
I gcás teangacha, dúirt sé "más rud é gur teanga atá i gceist ba cheart go mbeadh díolúine le fáil do theangacha eile mar an Fhraincis agus an Ghearmáinis."