skip to main content

40 treoirmharc nua aimsithe i mBrú na Bóinne

Dhá scór treoirmharc 'nua' aimsithe i mBrú na Bóinne
Dhá scór treoirmharc 'nua' aimsithe i mBrú na Bóinne

Tá dhá scór treoirmharc nua tugtha faoi ndeara i mBrú na Bóinne le linn suirbhé fíor-rathúil a cuireadh i gcrích ag an séadchomhartha náisiúnta le scaitheamh anuas. 

Dar leis an seandalaí, an Dr Steve Davis, ó Scoil Seandálaíochta Choláiste na hOllscoile Bhleá Cliath, go bhfuil treoirmharcanna de thithe ón ré luath-neoiliteach, iatáin adhmaid ón ré céanna chomh maith le h-uaigheanna ón Chré-Umhaois agus lorg áitrimh feirme meánaoiseacha aimsithe.

Scrúdaíodh láithreacha ar dhá thaobh Abha na Bóinne, laistigh de lúb na Bóinne agus trasna ó thuambaí réamhstairiúla Sí an Bhrú, Cnóbhaidh agus Dhubhaidh. 

Tá níos mó ná 10 mbliana caite ag an Dr Davis i mbun oibre ag Brú na Bóinne agus deir sé gur déanadh an tsuirbhé mar chuid de Chomhar-Thaighde idir Scoil Seandalaíochta UCD agus Coimisiún Rómhánach-Gearmánach Frankfurt na Gearmáine. 

Is mar chuid de thógra "An Bhóinn go Brogdar" a déanadh an tsuirbhé - ag fiosrú aon cheangal idir Ghleann na Bóinne agus Oileáin Inse Orc Theas na hAlban. 

Rialtas na Gearmáine a d'íoc as an tsuirbhé go dtí seo.