Tá an t-aisteoir Danika McGuigan tar éis bháis. Bhí sí 33 bliain d'aois agus le hailse a bhásaigh sí. Iníon í leis an iardhornálaí aitheana Barry McGuigan.
Bhí cáil ar Nika - mar a thugtaí uirthi - as na páirteanna éagsúla a ghlac sí i scannáin, i sraitheanna teilifíse agus i ndrámaí amharclainne.
Ghlac sí páirt le deireanai sa scannán Wildfire a stiúir Cathy Brady agus i sraith RTÉ Can't Cope, Won't Cope.
Bhí páirt aici freisin sa scannán a rinneadh d'urscéal Sebastian Barry The Secret Scripture.