skip to main content

Fíneáil breis £183m euro le gearradh ar an British Airways maidir le sárú sonraí.

Fíneáil £183m le gearradh ar British Airways faoi sárú sonraí
Fíneáil £183m le gearradh ar British Airways faoi sárú sonraí

Tá sé ráite ag máthair chomhlachta British Airways go bhfuil fíneáil breis £183m euro le gearradh ar an aerlíne maidir le sárú sonraí. 

Dúirt IAG go bhfuil sé i gceist ag Oifig Eolais an Choimisinéara sa Ríocht Aontaithe an pionós a chur i bhfeidhm maidir le gadaíocht ar shonraí custaiméara anuraidh.

I Mí Meán Fómhair seo caite, dúirt an aerlíne gur goideadh sonraí cártaí creidmheasa na céadta míle custaiméir de chuid an aerlíne nuair a rinneadh ionsaí ar suíomh idirlín agus ar aip an chomhlachta idir 21ú Lúnasa agus 5ú Meán Fómhair anuraidh.

Dúirt Príomhfheidhmeannach IAG, Willie Walsh go dtógfar na céimeanna cuí go léir chun seasamh na haerlíne a chosaint.