skip to main content

AE agus Mercosur tagtha ar chomhaontú

AE agus Mercosur tagtha ar chomhaontú faoi mhairteoil agus earraí eile
AE agus Mercosur tagtha ar chomhaontú faoi mhairteoil agus earraí eile

Tá lucht idirbheartaíochta ón Aontas Eorpach agus ó ghrúpa tíortha i Meiriceá Theas - grúpa Mercosur mar a thugtar air - tar éis teacht ar chomhaontú saorthrádála tráthnóna.

Faoi théarmaí an chomhaontaithe, tiocfaidh ardú suntasach ar an méid mairteola a thabharfar isteach san Aontas ó Mheiriceá Theas ar phraghas níos saoire.

Deir eagraíochtaí feirmeoireachta in Éirinn, áfach, go gcuirfidh an socrú nua trádála as go mór d'fheirmeoirí mairteola anseo.

Beidh tairbhe le baint ag cuid d'easpórtálaithe an Aontais Eorpaigh as an gcomhaontú - lucht déantúsaíochta carranna agus innealra eile, an earnáil ceimiceán agus an earnáil cógaisíochta ina measc.

Tá an comhaontú fós le faomhadh ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Parlaimint na hEorpa. Tuigtear go bhféadfadh an próiseas sin suas le dhá bhliain a thógáil.