skip to main content

Agóid ag oibrithe tógála faoi "chleachtais mhí-ionraice"

Agóid ag ceardchumainn oibrithe tógála i mBaile Átha Cliath inniu
Agóid ag ceardchumainn oibrithe tógála i mBaile Átha Cliath inniu

Bhí agóid ar bun ag ionadaithe ó cheardchumainn oibrithe tógála ag suíomh an Ospidéil Náisiúnta Leanaí i mBaile Átha Cliath ar maidin chun aird a tharraingt ar chleachtais mhí-ionraice fostaíochta san earnáil tógála trí chéile. 

Maíonn na ceardchumainn go bhfuil fostóirí ag cur iallach ar dhaoine clárú mar oibrithe féinfostaithe - cé gur gnáthoibrithe iad i ndáiríre - ionas gur féidir leis na fostóirí sin íocaíochtaí cánach agus eile a sheachaint.  

De réir an chleachtais seo, a deir Comhdháil na gCeardchumann, ní bhíonn ar fhostóirí Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa a íoc thar ceann na n-oibrithe agus ní bhíonn orthu íocaíochtaí saoire ná breoiteachta a thabhairt dóibh ach an oiread.

Deir an Chomhdháil go bhfuil an cleachtas seo ag coinneáil airgid ón Státchiste freisin. Tá €600 milliún i gcánacha Íoc Mar A Thuillir á gcailleadh ag an Stát - ón earnáil tógála go háirithe - gach bliain, a deir siad. 

Deir Peter Rigney, oifigeach tionsclaíoch le Comhdháil na gCeardchumann, go bhfuil fostóirí macánta thíos leis de bharr an chleachtais seo freisin mar gur féidir le fostóirí mímhacánta dul faoi bhun an ghnáthráta sa phróiseas tairisceana. 

Peter Rigney, Comhdháil na gCeardchumann

Deir sé go raibh deacrachtaí níos túisce i mbliana ag roinnt bríceadóirí a bhí ag obair ar shuíomh an Ospidéil Náisiúnta Leanaí. Ar deireadh, le tacaíocht na gceardchumann, a deir sé, tugadh conarthaí cearta fostaíochta dóibh le comhlacht tógála BAM, an príomhchonraitheoir ar an suíomh.

I ráiteas a thug siad do Nuacht RTÉ/TG4 tráthnóna, dúirt BAM go gcloíonn an comhlacht go hiomlán le reachtaíocht fostaíochta agus go dtéann siad i ngleic le fadhbanna fostaíochta má thagann siad i gceist i gcás fochonraitheoirí atá ag obair dóibh.

Tá ceann de na príomhúdair imní a bhí ag oibrithe féinfhostaithe le fada le réiteach go luath. Ó mhí na Samhna ar aghaidh, den chéad uair riamh, beidh daoine atá féinfhostaithe i dteideal íocaíochtaí leasa shóisialta in am an ghátair.