Adhlacadh i nGleann tSúilí, Co Dhún na nGall, inniu an tiománaí railí Manus Kelly a maraíodh ar an lá deireanach de railí idirnáisiúnta Dhún na nGall Dé Domhnaigh seo caite.

Ag an Aifreann éagnairce, dúirt a chara an tAthair Paddy Dunne gur las an meangadh gáire a bhíodh de shíor ar Mhanus gach comhluadar ar shiúil sé isteach ann. 

Dúirt an tAthair Dunne gur fear de chuid Ghleann tSúilí go smior a bhí ann agus gur chaith sé saol níos mó ná iomlán le linn a 41 bliain. Dúirt sé go rabh canúint an ghleanna aige agus go raibh air féin í a fhoghlaim le Manus a thuigbheáil! 

I measc na gcomharthaí a thug teaghlach Mhanuis chuig an altóir, bhí geansaí peile Dhún na nGall, liathróid peile, a chlogad railí, carr mionsamhlach den déanamh Honda agus tarracóir mionsamhlach i gcuimhne ar an áit ar chuir Manus dúil sa tiomáint ar fheirm a mhuintire an chéad lá riamh.

Tugadh carbhat oifigiúil Chomhairle Contae Dhún na nGall chuig an altóir fosta i gcuimhne ar an mhí ghairid a chaith Manus ina chomhairleoir ag Fianna Fáil.

I measc a raibh i láthair ag an Aifeann, bhí aide de camp an Taoisigh an Ceannfort Caroline Burke, ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin, an Teachta Dála Charlie McConalogue, an tAire Oideachais Joe McHugh agus baill de Chomhairle Contae Dhún na nGall. I láthair fosta, bhí caiftín fhoireann sinsir Dhún na nGall Michael Murphy a bhí ina dhlúthchara ag Manus.

Ó tharla gur séipéal beag a bhí ann, ní raibh spás ann ach don teaghlach agus dlúthchairde. Bhreathnaigh cúpla céad duine ar an Aifreann ar dhá scáileán mhóra taobh amuigh dentséipéal agus i gclubtheach CLG Ghleann tSúilí fosta.

Sheas Cumann Lúthchleas Gael Ghleann tSúilí agus lucht Chomhairle Chontae Dhún na nGall mar gharda onóra dó, agus i ndiaidh an Aifrinn tugadh cónair Mhanuis trí rampa bhuaiteoir an railí.

Cuireadh ina dhiaidh sin é i reilig Chonbhála.