Tá saineolas le cur ar fáil ag an gComhairle Oidhreachta do ghrúpaí pobail a chuideos leo séadchomharthaí ina gceantair féin a chaomhnú agus a chosaint.

Seacht séadchomhartha a roghnaíodh tar éis comórtas náisiúnta agus tá Séipéal na hEascrach, nó Séipéal Naomh Finnín, i Leamhcán in iarthar Bhaile Átha Cliath ina measc.  

Tá an séipéal meánaoiseach seo suite taobh le hEiscir Riada, nó an tSlí Mhór mar a thugtaí uirthi, an bóthar ársa idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh.

Tógadh an séipéal sa dara haois déag. Atógadh é sa séú haois déag ach céad bliain eile ina dhiaidh sin - i bhfianaise na bPéindlíthe agus bhriseadh na nGael - bhí sé tréigthe.

Inniu, tá sé fós ina fhothrach ach tá áilleacht ar leith ag baint leis ina dhiaidh sin féin. Tá bláthanna agus lusanna go leor ag fás ann in aimsir seo na Féile Eoin - an chailleach fhada, an tsailchuach agus an ruithéal rí ina measc.

Chuaigh muid ar cuairt chuig an séipéal inniu in éineacht leis an staraí Séamus Ó Maitiú, eagarthóir na hirise Dublin Historical Record.

Agus é i mbun taighde faoin suíomh, fuair Séamus amach go ndearnadh athchoiriú ar dhíon an tseipéil sa bhliain 1537. Léiríonn cáipéisí dlí ón am atá feicthe aige gur tugadh conradh don siúinéir Patrick Boshell le díon adhmaid a chur ar an seipéal. Ach chuaigh siúinéir eile William Trasse isteach roimhe leis an obair a dhéanamh. Thug Boshell cás cúirte in aghaidh Trasse, agus d'éirigh leis. 

Séamus Ó Maitiú

"Tá sé eisceachtúil amach is amach go bhfuil mioneolas mar seo againn faoi na fir a bhí ag obair ar an séipéal. Paróiste saibhir a bhí ann i bhfianaise mhéid an tséipéil agus líon na bhfuinneog atá ann.

Tá sé suite taobh le hEiscir Riada, tóchar a shíníonn ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh, agus ba léir gur bhain muintir an pharóiste leas as an mbealach cumarsáide seo, atá fós ina bhealach taistil - an N6 - idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh."

Tá seacht séadchomhartha in áiteanna éagsúla sa tír roghnaithe ag an gComhairle Oidhreachta faoin scéim chaomhnaithe. Caisleán, tuama réamhaoise agus seipéil eile ón meánaois atá sna sé cinn eile.  

Deir an seandálaí aitheanta an tOllamh Muiris Ó Suilleabháin, atá ar bhord na Comhairle Oidhreachta, go bhfuil obair mhór ar bun ag grúpaí pobail le séadchomharthaí a chaomhnú.

Deir sé go bhfuil géarghá le scéim den chineál atá bunaithe ag an gComhairle chun oiliúint a chur ar dhaoine faoi na bealaí is fearr le tabhairt faoi obair chaomhnaithe. 

"Is féidir níos mó dochair ná maitheasa a dhéanamh agus an obair seo ar bun", a deir an tOllamh Ó Suilleabháin, "agus tá sé rí-thábhachtach eolas a roinnt le pobail áitiúla faoi conas tabhairt fúithi. Ceal achmhainní agus ama, ní raibh de chumas againn ach seacht gcinn a roghnú faoin scéim. Tá súil agam go bhfeicfear toradh na hoibre ar na séadchomharthaí atá roghnaithe agus go nochtfar níos mó eolais agus scéalta faoi na séadchomharthaí seo dá bharr.

Obair chrua mar sin, ach obair fíorshásúil, atá roimh dhíograiseoirí na hEascrach agus iad ag iarraidh gléscéimh agus áilleacht an tséadchomhartha s'acu féin a thabhairt chun solais arís sa nua-aois!

Tuairisceoireacht bhreise: Irene Ní Nualláin

Is féidir tuilleadh pictiúr den séadchomhartha a cheadú anseo.