Ag ceant in óstán i mBaile Átha Cliath inniu, díoladh boinn Uile-Éireann agus Laighean duine de na peileadóirí ab iomráití as Loch Garman i dtús an chéid seo caite, Thomas Edward 'Toddy' Pierse. 

Sé bhonn ar fad a bhí ar ceant - trí bhonn Uile-Éireann, dhá bhonn Laighean agus bonn ar leith ó chomórtas speisialta a d'eagraigh Éamon de Valera le hairgead a bhailiú do theaghlaigh daoine a bhí sa phríosún.

Bhí Toddy Pierse ar fhoireann peile Loch Garman a bhuaigh Craobh Uile-Éireann sa bhliain 1918. B'in an ceathrú craobh as a chéile a bhuaigh foireann an chontae sin, ach ní raibh Toddy é féin ag imirt dóibh roimh 1918.

Bhuaigh sé dhá Chraobh Uile-Éireann eile agus dhá Chraobh Laighean le Baile Átha Cliath ina dhiaidh sin agus é ag cur faoi sa chathair sin nuair a bhí sé ina mhac léinn. 

Rugadh Toddy Pierse i Loch Garman sa bhliain 1898 agus thosaigh sé ag imirt peile idir-chontae do Loch Garman nuair a bhí sé naoi mbliana déag.

Is cosúil go raibh col ag a athair le cúrsaí peile agus b'éigean do Toddy leas a bhaint as ainm cleite agus é ag imirt don chontae, fiú i gcluiche ceannais Chraobh 1918. Bhuail na Garmanaigh foireann Thiobraid Árann sa chluiche sin ... a imríodh i mí Feabhra 1919!

D'aistrigh Toddy go Baile Átha Cliath ina dhiaidh sin le tabhairt faoi chéim sa leigheas. Bhí an poblachtánach óg Kevin Barry i measc na scoláirí a bhí sa rang céanna leis i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. 

Kevin Barry

D'imir Toddy do Bhaile Átha Cliath agus é ag i mbun a chuid staidéar san ollscoil agus bhuaigh sé dhá bhonn Uile-Éireann leo i 1921 agus i 1922, chomh maith le dhá bhonn Laighean. 

Bhí an t-ádh air nár imir sé sa chluiche dúshláin idir Baile Átha Cliath agus Tiobraid Árainn i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh 21 Samhain 1920. Bhí sé ainmnithe ar fhoireann Bhaile Átha Cliath an lá sin ach chuir sé é féin as an áireamh mar go raibh sé ag déanamh scrúduithe ag an am.

Doirteadh go leor fola an lá sin nuair a scaoil póilíní, Dúchrónaigh agus saighdiúirí cúnta leis an lucht féachana agus leis na himreoirí. Ceithre shibhialtach déag a maraíodh agus Domhnach na Fola a tugadh air ó shin. 

Evening Herald, Dé Luain 22 Samhain 1920 (Pic: Getty)

Fuair Toddy bás i 1968 agus is é an ceantálaí Fonsie Mealy a chuir na boinn ar ceant thar ceann a mhic Tom Pierce atá ag dul in aois anois agus atá ina chónaí i Sasana.

Glacadh le tairiscintí ar an teileafón agus ar an idirlíon, ach ar deireadh is bailitheoir príobháideach as an tír seo a bhí sa seomra a cheannaigh iad. 

Bhí súil go mbainfeadh an bailiúchán idir €7,000 agus €9,000 amach, ach €12,500 a íocadh ar deireadh.