skip to main content

Leagan Gaeilge de Siri, Alexa le cruthú

Leagan Gaeilge de Siri, Alexa le cruthú
Leagan Gaeilge de Siri, Alexa le cruthú

Cuirfear leagan Gaeilge de chúntóirí gutha digiteacha mar Alexa agus Siri ar fáil, má bhíonn rath ar phleananna ríomheolaí i Missouri Mheiriceá i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. 

Tá scoláireacht bronnta ag Rialtas na Stát Aontaithe ar an Ollamh Caoimhín Ó Scanaill (nó Kevin Scannell) ó Ollscoil Saint Louis i Missouri le sé mhí a chaitheamh ag forbairt acmhainní bogearraí i nGaeilge in ionad an Acadaimh i gCarna i gConamara. 

Tá aithne mhór ag aos na ríomhaireachta agus na meán sóisialta Gaeilge ar an Ollamh Ó Scanaill, Gael-Mheiriceánach de bhunadh Bhostúin. 

Bhí baint nach beag ag an ríomheolaí le comhéadan Gaeilge a fhorbairt do phacáistí ríomhaireachta agus do dheisíní aitheanta - leithéidí Twitter, WhatsApp, Gmail, Skype, agus Mozilla Firefox. 

Ach is é an plean atá aige macasamhail de na cúntóirí gutha Siri agus Alexa a chruthú i nGaeilge is mó atá ag tarraingt aird ó d'fhógair Fondúireacht Fulbright i Meiriceá go bhfuil scoláireacht bronnta ar an Ollamh Ó Scanaill le sé mhí a chaitheamh in Éirinn. 

Chomh maith le bogearraí a fhorbairt le linn a sheala in Éirinn, beidh an Scanallach ag eagrú ceardlanna i measc an phobail agus ag tabhairt aoi-léachtaí do mhic léinn triú leibhéal sna réimsí aistriúcháin, cumarsáide agus Gaeilge féin.