skip to main content

2,000 tiarna talún imithe as an earnáil cíosa le 3 bliana

2,000 tiarna talún imithe as an earnáil cíosa le 3 bliana
2,000 tiarna talún imithe as an earnáil cíosa le 3 bliana

Ag trácht dó ar thuarascáil nua Focus Ireland faoi easpa dídine, deir Finbar O'Donnell ón gcomhlacht bainistíochta réadmhaoine, RF Property Managment, go bhfuil 2,000 tiarna talún imithe as an earnáil cíosa in Éirinn le trí bliana.

Tá cúiseanna éagsúla leis an treocht seo, a deir sé. Ina measc, tá leasuithe ar chúrsaí cánach, rialacháin bhreise agus an cháin mhaoine áitiúil.

Le hais tiarnaí talún, is beag cáin atá le híoc ag cistí móra infheistíochta a cheannaíonn blocanna iomlána árasán, a deir Finbar O'Donnell.

Is ag plé le tiarnaí talún beaga den chuid is mó a bhíonn a chomhlacht féin agus déanann siad bainistiú ar bhlocanna árasán freisin. 

Finbar O'Donnell

Deir Finbar go gcaithfidh an Rialtas faoiseamh cánach a thabhairt do thiarnaí talún beaga le go bhfanfaidís san earnáil.

Tar éis an tsaoil, is iad na tiarnaí talún seo a ligeann árasáin le daoine ar phá íseal den chuid is mó, ach le daoine ar phá ard den chuid is mó atá na cistí infheistíochta ag ligean a gcuid árasán, a deir sé. 

Tagann Institiúid na gCeantálaithe agus Luachálaithe Proifisiúnta leis an méid seo. Deir siadsan chomh maith gur beag buntáiste atá ann do thiarnaí talún beaga teach a ligean ar cíos i gcomparáid leis na dreasachtaí cánach a cheadaítear do chistí infheistíochta.

55% an ráta cánach a ghearrtar ar ioncam cíosa na dtiarnaí talún ach fíorbheagán cánach a íocann na cístí infheistíochta, a deir an Institiúid.