Dúirt cathaoirleach an Choiste um Chuntais Phoiblí Seán Fleming gur cur i gcéill agus fimíneacht atá sa chleachtas creidmheasanna carbóin a cheannach ó thíortha eile.
Dúirt Seán Fleming go bhfuil sé áiféiseach agus déistineach go bhfuil €87 milliún caite ag an tír seo ar chreidmheasanna carbóin a cheannach ón iasacht "le ligean orainn féin go bhfuilimid ag cloí leis na spriocanna fuinnimh inathnuaite."
Is mór an náire gurb é seo an réiteach atá ag an Rialtas anseo ar ár gcuid dualgas i leith athrú na haeráide, a dúirt sé.
Dúirt Oisín Coghlan ón eagraíocht chomhshaoil Cairde na Cruinne go bhféadfaí fíneálacha suas le €6 billiún a ghearradh ar an tír seo mura mbainfimid amach na spriocanna atá leagtha síos maidir le sceití carbóin faoin mbliain 2030.
Dúirt sé go mbeidh an neamhghníomh níos costasaí i bhfad na haimsire ná an gníomh.