skip to main content

Páirt luachmhar á goid as carranna Prius san iarthar

Blake Moore, meicneoir ag obair ar charr den déanamh Prius
Blake Moore, meicneoir ag obair ar charr den déanamh Prius

Tá Gardaí in iarthar na tíre ag iarraidh ar úinéirí carranna a bheith ar a n-airdeall mar go bhfuil páirt luachmhar á goid astu sa réigiún. 

An tiontaire catalaíoch as carranna den déanamh Toyota Prius is mó, is cosúil, a bhfuil gadaithe sa tóir orthu. 

D’fhág Eileen Seoighe a Prius féin i gcarrchlós i Maigh Cuilinn i gCo na Gaillimhe Dé hAoine seo caite fad is a bhí sí ag siopadóireacht. Bhí sí imithe ar feadh leathuair agus nuair a tháinig sí ar ais ní thosódh a carr.

Bhí an tiontaire catalaíoch atá suite faoin gcarr goidte. 

Eileen Seoighe

Chuir sé ionadh ar Eileen mar gur tharla an ghoid i rith an lae agus go raibh an oiread daoine thart. 

Tá méadú ar líon na dtiontairí catalaíocha atá á ngoid mar go bhfuil na miotail iontu luachmhar.

Deir an meicneoir Blake Moore ó Moore Motors in Indreabhán i gCo na Gaillimhe go bhfuil sé éasca ag gadaithe na tiontairí a ghoid agus go bhfuil tóir orthu de bharr go bhfuil miotail cosúil le platanam agus tíotáiniam iontu.

Blake Moore, meicneoir in Indreabhán, Cois Fharraige

Lena gcarranna a chosaint, molann na Gardaí do dhaoine glas nó teanntán a chur ar an tiontaire catalaíoch. 

I ráiteas a eisíodh tráthnóna, deir Toyota gur fadhb í seo a bhaineann le carranna Prius a rinneadh roimh an mbliain 2010. Deir siad nach féidir na tiontairí a ghoid ó charranna a rinneadh ina dhiaidh sin.