Tá staid na Gaeilge sa chraoltóireacht in Éirinn thar a bheith lag le roinnt blianta agus tá an scéal ina ghéarchéim anois, a deirtear i dtuarascáil a d'fhoilsigh Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán inniu.
I gcaitheamh an dá bhliain 2017 agus 2018 a cuireadh an tuarascáil i dtoll a chéile. Thug dreamanna éagsúla a bhfuil baint acu le craoltóireacht na Gaeilge a gcuid tuairimí don choiste maidir leis na dúshláin atá i gceist san earnáil i rith an ama sin.
Ag seoladh na tuarascáila inniu, dúirt cathaoirleach an choiste, an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly, nach bhfuil an reachtaíocht i leith chraoltóireacht na Gaeilge atá ann faoi láthair sách láidir.
Mar sin féin, a dúirt sí, ní fiú an reachtaíocht a leasú gan na cumhachtaí cuí a bheith ag an rialtóir - Údarás Craolacháin na hÉireann.
Catherine Connolly ag seoladh na tuarascála i dTeach Laighean inniu
Tá 18 moladh sa tuarascáil. Ina measc na moltaí, deirtear gur cheart:
- Go n-athbhunódh RTÉ a rannóg clár Gaeilge ar bhonn lánaimseartha mar atá geallta ag an eagraíocht
- Go gcuirfeadh an Rialtas ar fáil arís an maoiniú €6,000,000 a baineadh de TG4
- Go dtabharfadh RTÉ agus TG4 faoi chomhthionscnamh maidir le hábhair a chruthú d’fhoghlaimeoirí Gaeilge
- Go dtreiseofaí le práinn na míreanna faoin nGaeilge san Acht Craolacháin 2009
- Go n-aithneofaí craoltóireacht na Gaeilge mar phríomhdhualgas in aon reachtaíocht chumarsáide leasaithe
- Go n-aithneofaí agus go bhfreastalófaí ar an lucht féachána / éisteachta ar bhealaí níos éifeachtaí
- Go neartófaí ról an rialtóra - Údarás Craolacháin na hÉireann
- Go leasófaí agus go bhfeabhsófaí seirbhísí fotheidilithe.
Luaitear sa tuarascáil chomh maith an méid a bhí le rá ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill le gairid faoi sheirbhís Ghaeilge RTÉ. Mhaígh sé go bhfuil cláir theilifíse Gaeilge "beagnach caite i dtraipisí ar fad" ag RTÉ.
Is féidir an tuarascáil a léamh anseo.